Jump to content

Cinedhíothú ar Phalaistínigh Gaza

(Athsheolta ó Cinedhíothú ar Gaza)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCinedhíothú ar Phalaistínigh Gaza
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 31° 27′ N, 34° 24′ E / 31.45°N,34.4°E / 31.45; 34.4
Cineálaccusation of genocide (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dePalestinian genocide accusation (en) Aistrigh agus Cogadht Iosrael-Hamas Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse7 Deireadh Fómhair 2023 - 
SuíomhStráice Gaza Cuir in eagar ar Wikidata
TírStát na Palaistíne, Israeli-occupied territories (en) Aistrigh agus Israel and The Occupied Territories (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocPalaistínigh, Hamas agus Palestinian Islamic Jihad (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachPalaistínigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna64,260 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireIosrael Cuir in eagar ar Wikidata

Ar an 16 Meán Fómhair 2025, dhearbhaigh coimisiún fiosrúcháin de chuid na Náisiún Aontaithe go raibh Iosrael ag déanamh cinedhíothú ar Phalaistínigh Gaza.[1][2] “Is iad na húdaráis is sinsearaí in Iosrael atá freagrach ar na coireanna uafásacha seo mar is iadsan a bheartaigh feachtas cinedhíothach le beagnach dhá bhliain agus aidhm ar leith acu grúpa Palaistíneach a scrios in Gaza.” a dúirt Navi Pillay,[3] ceannasaí an choimisiúin fiosrúcháin faoi chríocha gafa Ghaza.[4]

2021 in Ohio, SAM
28 DF 2023, An Fhionlainn
Nua Eabhrac, 10 Nollaig 2023
agóid Wikipedia in 2023
agóid in Donostia-San Sebastian (an Spáinn) sa bhliain 2024

I 1948 rinne coimisiún um chinedhíothú na Náisiún Aontaithe sainmhíniú ar chinedhíothú mar choireanna a dhéantar “d’fhonn grúpa náisiúnta, eitneach, cine, nó reiligiúin a scrios go hiomlán nó cuid de, ar an mbonn sin”.

Ionas gur féidir cinedhíothú a thabhairt air, ní mór ar a laghad ceann amháin de cúig ghníomh a bheith déanta.

Bhunaigh Comhairle Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe an coimisiún neamhspleách le gníomhartha Iosrael in Gaza a fhiosrú ó thaobh an dlí idirnáisiúnta de, go háirithe an dlí a bhaineann le cúrsaí daonnúlachta agus cearta daonna.

Sa tuarascáil a d'fhoilsigh an coimisiún fiosrúcháin, dearbhaíodh go ndearna údaráis agus fórsaí míleata Iosrael ceithre cinn de na cúig ghníomh shainiúla a chuimsíonn an ní is cinedhíothú ann de réir Choinbhinsiún na Ginéive 1948. Is iad na ceithre ghníomh cinedhíothaithe a luaitear sa tuarascáil: [5]

  • Marú. Ollmharú toiliúil;
  • Gortú. mórdhíobháil thromchúiseach choirp agus/nó intinne
  • Scrios. Beartais a chur i bhfeidhm d’aon turas d’fhonn an grúpa a scrios, a chur thar chumas daoine beatha a bhaint le dúil a ndísciú;
  • Saolú páistí a chosc. Beartais a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach mbéarfaí leanaí.

(Ionas gur féidir cinedhíothú a thabhairt air, ní mór ar a laghad ceann amháin de cúig ghníomh a bheith déanta).

Áitítear sa tuarascáil “gurb í an t-aon tuiscint réasúnta uaidh sin ná gur cinedhíothú” an aidhm a bhí leis an bpatrún sin iompair ag údaráis agus fórsaí slándála Iosrael in Gaza. Dúradh sa tuarascáil gur léirigh a raibh ráite agus déanta ag údaráis shibhialta agus mhíleata Iosrael araon idir 2023-2025 go ndearnadh gníomhartha áirithe in Gaza le rún cinedhíothú a dhéanamh ar Phalaistínigh an limistéir.[4]

Deir an coimisiún fiosrúcháin gur fhág iompar cinedhíothach Iosrael gur mharaigh siad agus gur ghortaigh siad d’aon turas níos mó Palaistíneach ná facthas déanta riamh cheana agus iad ag úsáid muinisin throma. Deirtear gur ionsaigh siad láithreacha reiligiúin, cultúir agus oideachais go forleathan agus go córasach agus gur chuir siad Gaza faoi léigear agus gur fhág siad gorta ann.

Deirtear sa tuarascáil gur spreag ardoifigigh de chuid rialtas Iosrael agus an Príomh-Aire, Benjamin Netanyahu, na gníomhartha cinedhíothaithe sin. Tarraingíodh aird faoi leith sa tuarascáil ar thriúr Iosraelach, mar atá, Uachtarán Iosrael Isaac Herzog (de bhunadh na hÉireann), an Príomh-Aire Benjamin Netanyahu agus an tAire Cosanta Yoav Gallant, agus cuireadh ina leith gur ghríosaigh siad daoine chun cinedhíothú a dhéanamh. Cuireadh i leith údaráis Iosrael go ginearálta nach ndearna siad iarracht bac ar bith a chur ar an triúr sin.[2]

Dhiúltaigh Iosrael don “tuarascáil atá curtha as a riocht agus bréagach” mar a thugadar uirthi agus d’éiligh go gcuirfí deireadh láithreach leis an gcoimisiún fiosrúcháin.

cás dlí á throid ag Iosrael sa gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta san Háig.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, genocide of Palestinians in Gaza
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2025-09-16). "'Cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael in Gaza' – Náisiúin Aontaithe" (as ga-IE). 
  3. "Navi Pillay" (as en) (2025-09-18). Wikipedia. 
  4. 4.0 4.1 4.2 "Cinedhíothú déanta ag Iosrael ar Phalaistínigh in Gaza – coimisiún fiosrúcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-09-16). Dáta rochtana: 2025-09-18.
  5. "Israel has committed genocide in Gaza, UN commission of inquiry says" (en-GB). www.bbc.com (2025-09-16). Dáta rochtana: 2025-09-18.