Cillín Chaoimhín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCillín Chaoimhín

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°05′26″N 6°36′07″W / 53.09056°N 6.601956°W / 53.09056; -6.601956
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Mhantáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde186 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1411697

Sráidbhaile in iarthar Chontae Chill Mhantáin é Cillín Chaoimhín[1], nó Hollywood as Béarla (ní úsáidtear an leagan truaillithe den ainm Gaeilge, Killinkeyvin, sa Bhéarla a thuilleadh). Tá sé suite chois Bhóthar Bhearna Chill Mhantáin, cóngarach d'acomhal an bhóthair sin agus N81, ar bóthar náisiúnta den dara grád é. Ní raibh oiread is 100 duine ina gcónaí sa sráidbhaile féin, nuair a rinneadh daonáireamh na bliana 2002, ach le fírinne, tá an pobal áitiúil níos mó ná an sráidbhaile féin, timpeall leathmhíle duine ar fad.

Fuair an áit a hainm ó Chaoimhín, an naomh Éireannach a bhunaigh an mhainistir i nGleann Dá Loch sa séú haois. Bhíodh na hoilithrigh ag dul trí Chillín Chaoimhín ar a dturas go dtí Gleann Dá Loch, go dtí go ndeachaigh an nós oilithreachta in éag go luath san fhichiú haois. Inniu féin, áfach, cuireann turasóirí Turas Chaoimhin díobh ó Chillín Chaoimhín go Gleann Dá Loch le lán a súl a bhaint as an áilleacht i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin.

Tá stair áirithe scannánaíochta ag Cillín Chaoimhín díreach cosúil leis an áit eile úd ar a dtugtar Hollywood as Béarla, nó tháinig lucht scannánaíochta ansin ar lorg atmaisféar na hÉireann ó am go ham. Tá pictiúir ó Chillín Chaoimhín le feiceáil ar na scannáin Michael Collins le Neil Jordan, Dancing at Lughnasa, agus, fiú, King Arthur ón mbliain 2004.

"Hollywood"
  1. Cillín Chaoimhín/Hollywood | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.