Cicearó
Ba státaire, dlíodóir, teoiriceoir polaitiúil agus fealsamh Rómhánach é Marcus Tullius Cicero[1] (3 Eanáir, 106 RC - 7 Nollaig, 43 RC).
Glactar go forleathan leis mar dhuine de na príomh-óráidithe Laidine agus de na scríbhneoirí móra sa teanga, agus is clasaicigh iad a chuid aistí.[2][3] Tá sé ina bhun-údar ag an bprós Rómhánach; dá bharr sin tá a chuid saothar pinn mar bhunús ag formhór litríocht na hEorpa le dhá mhíle bliain. Níorbh fhéidir a stíl a shárú ar ghontacht, ar shoiléireacht, ar áilneach, ar oiriúnacht.
Is gnéithe buana den oidhreacht a d'fhág Cicearó iad oiriúnú na Laidine chun coincheapa fealsúnachta a tháinig ó na Gréagaigh a chur in iúl agus, go háirithe, an ról atá ag an dlí nádúrtha i smaointeoireacht an Iarthair maidir leis an moráltacht, leis an dlí agus leis an bpolaitíocht.[4]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Marcus Tullius Cicearó ar 3 Eanáir, 106 RC in Arpinum (Arpino an lae inniu), baile cnoic deas 100 ciliméadar (70 míle) aneas ón Róimh. Bhain sé le treibh Cornelia. Tagann a shloinne pearsanta ón Laidin do chickpea, cicer.
I gcúrsaí polaitíochta bhí Cicearó ag dul go tréan ar son na Poblachta agus in aghaidh na deachtóireachta.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c5/Cicer%C3%B3n_denuncia_a_Catilina%2C_por_Cesare_Maccari.jpg/220px-Cicer%C3%B3n_denuncia_a_Catilina%2C_por_Cesare_Maccari.jpg)
Táinseamh Chatilína
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a rinne Lucius Sergius Catilina iarracht cumhacht a shealbhú agus deireadh a chur le poblacht na Róimhe, ba é Cicearó a chuir faoi chois an chomhcheilg seo le feabhas a reitrice agus a óráidíochta.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d3/Fulvia_y_Marco_Antonio%2C_o_La_venganza_de_Fulvia_%28Museo_del_Prado%29.jpg/220px-Fulvia_y_Marco_Antonio%2C_o_La_venganza_de_Fulvia_%28Museo_del_Prado%29.jpg)
Chreid Cicearó go gcuimhneofaí go deo air as an Róimh a thabhairt slán ó dhream creachadóirí is rachmasóirí den uasalaicme.[2] Chonaiceadar siúd lena gcumhacht féin a bhuanú is bunreacht na cathrach a threascairt. Is le beart a chuid óráidíochta mar atá le fáil i dTáinseamh Chatilina, d’éirigh le Cicearó a gcomhcheilg i gcoinne na Stát a thabhairt chun solais is lucht na comhcheilge a chur chun báis.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e8/Svedomsky-Fulvia.jpg/220px-Svedomsky-Fulvia.jpg)
Iúil Caesar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh Cicearó róchairdiúil le Caesar ach an oiread, ó nár thaitin deachtóireacht Caesar leis, mar phoblachtánach.
Bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn an chogaidh chathartha i ndiaidh bhás Caesar, chuir Cicearó in aghaidh Marcus Antonius. Faraor d'fhág a dhearcadh polaitiúil san fhaopach é agus mar sin, feallmharaíodh é, ar ordú ó Antonius. Baineadh an cloigeann de ar 7 Nollaig 43 RC, agus in aois 63 bliain dó ag an am
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/0d/M._Tullii_Ciceronis_De_oratore_liber.jpg/220px-M._Tullii_Ciceronis_De_oratore_liber.jpg)
Fealsúnacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Cicearó a chuir príomhscoileanna na fealsúnachta Gréagaí in aithne do mhuintir na Róimhe, agus ba spreagadh dó teanga na bhfealsún Gréagach téarmaí nua a chumadh le haghaidh lucht labhartha na Laidine.
Chuir Chicearó coincheap “Humanitas” (cineáltas daonna agus caoinbhéasa morálta) leis na seansuáilcí Rómhánacha “Pietas” (diagacht) agus “Gravitas” (dínit),[5]
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí tionchar Chicearó ar fhorbairt agus ar stíl a theanga chomh mór millteanach is go n-úsáideann a lán teangacha Eorpacha i gcónaí téarmaí Laidine a tháinig ó pheann Chicearó: focail de chuid Chicearó iad humanitas (daonnacht), qualitas (cáilíocht), quantitas (cainníocht) agus essentia (eisint, bunbhrí, bunchiall, éirim an scéil), mar shampla.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/23/CiceroBust.jpg/220px-CiceroBust.jpg)
Deirtear gurbh iad litreacha Chicearó, ar tháinig Francesco Petrarca, an file Iodálach a dtugtar "athair an daonnachais" air, orthu, - gurbh iad na litreacha seo a chuir tús leis an Renaissance san Iodáil. Dúirt an scoláire Polannach Tadeusz Zieliński gurbh é an rud a bhí i gceist leis an Renaissance ná gur chuir na daoine suim nua i saothar Chicearó, agus nár tháinig athbheochan na seanársaíochta clasaicí - an chultúir shean-Rómhánaigh agus shean-Ghréagaigh - ach sna sálaí ag athbheochan Chicearó.
Chuaigh saothar Chicearó i bhfeidhm ar smaointeoirí na hochtú haoise déag ach go háirithe, cosúil le Montesquieu, David Hume, agus John Locke. Inniu féin is é saothar Chicearó an fhoinse is cuimsithí dá bhfuil againn ar imeachtaí agus ar chultúr na sean-Róimhe roimh ré na n-impirí.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Scrúdaigh ár n-Ollamh W.N. Osborough an chaoi ar luadh saothair de chuid Chicearó agus de chuid údar clasaiceach eile ag na breithiúna, i measc na n-ábhar a phléitear ina leabhar, Literature, Judges and the Law (Four Courts Press, 2008).[6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tully an leagan a úsáideann sean-údair Bhéarla
- ↑ 2.0 2.1 Dómhnall Ó Mathghamhna, 1928 (athfhoilsiú: Risteárd Mac Annraoi, 2020). "Táinseamh Chatilína" (ga). Aistriú Litríochta. Dáta rochtana: 2020-12-07.
- ↑ Marcas Túillias Cicearó agus Risteárd Mac Annraoi (2020-11-14). "Táinseamh Chatilína" (ga). Litríocht. Dáta rochtana: 2020-12-07.
- ↑ Scoil Dlí COBÁC. "M Tullius Cicero (106 - 43 av. J.-C.)" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-12-07.
- ↑ education.ie. "Teastas Sóisearach -TREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍ" (ga). yumpu.com. Dáta rochtana: 2020-12-07.
- ↑ W. N. Osborough (2008). "Literature, Judges and the Law" (as en). Four Courts Press.