Ciarán Mac Giolla Bhéin
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Béal Feirste, Northern Ireland |
| Uachtarán Conradh na Gaeilge | |
| 1 Márta 2025 – ← Paula Melvin | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | gníomhaí teanga |
| Fostóir | Conradh na Gaeilge |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is é Ciarán Mac Giolla Bhéin uachtarán Chonradh na Gaeilge. Is as Béal Feirste é.[1] Toghadh Mac Giolla Bhéin ina uachtarán ar an eagraíocht teanga i mí Feabhra 2025.[2][3]

Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baineann Mac Giolla Bhéin leis an gcéad ghlúin d’Fheirstigh a chuaigh tríd an gcóras scolaíochta ón naíscoil go dtí an mheánscoil i nGaeilge, agus chaith sé féin seal ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge. Bhí sé fós ar an meánscoil i gColáiste Feirste nuair a toghadh duine de bhunaitheoirí na scoile sin ina uachtarán ar an gConradh – Gearóid Ó Cairealláin, agus a luaigh sé é mar inspioráid mhór dá chuid féin.[2]
Bhí Mac Giolla Bhéin lárnach san fheachtas ‘Dearg le Fearg’,[4] feachtas a bunaíodh le cearta teanga a éileamh do chainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt. Bhí sé ar dhuine de na daoine a d’fhostaigh Conradh na Gaeilge ina n-oifig ó thuaidh nuair a ceadaíodh maoiniú breise don eagraíocht faoin tsamhail nua mhaoinithe. Bhí sé ina Oifigeach Abhcóideachta ag an eagraíocht teanga.
Bhí sé ina ionadaí ar son earnáil óige na Gaeilge ar Ghrúpa Comhairleach Áitiúil an Údaráis Oideachais agus tá sé ina chathaoirleach ar Bhord Gobharnóirí Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh chomh maith.[5]
Chaith sé bliain (2020/2021) ina stiúrthóir ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál sula ndearnadh ceannasaí ar Chomhairle na Gaelscolaíochta de in 2020. Bhí sé ina chomhordaitheoir pleanála teanga le Fís an Phobail in Iarthar Bhéal Feirste sna 2020idí.
Bhunaigh sé Craobh Ghlór na Móna de Chonradh na Gaeilge. Tá sé ina chathaoirleach ar an ngrúpa óige Fóram na nÓg agus ar an gclub CLG Laochra Loch Lao.
Bhí sé fógartha ag Paula Melvin in 2024 nach lorgódh sí an ceathrú téarma mar uachtarán (cé go bhfuil cead ag duine cúig théarma i ndiaidh a chéile a chur isteach). Ar an 22 Feabhra 2025, toghadh Mac Giolla Bhéin ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta a bhí ar siúl in Óstán White's i mbaile Loch Garman.[2] Ba as an Tuaisceart do cheathrar uachtarán a bhí ar Chonradh na Gaeilge roimhe seo: Albert Fry as Béal Feirste (1979-1982), Gearóid Ó Cairealláin as Béal Feirste (1995-1998), Peadar Tomás ‘PT’ Mac Ruairí as contae Ard Mhacha (1998-2003), agus Niall Comer as contae an Dúin (2017-2022). Tá Mac Giolla Bhéin ar an gcúigiú huachtarán as an Tuaisceart agus ar an 37ú huachtarán ar fad ar Chonradh na Gaeilge.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Kayla Walsh (2019-07-14). "Dublin bride Paula Melvin opens up about her breathtaking destination wedding" (en). RSVP Live. Dáta rochtana: 2022-12-27.
- 1 2 3 "Uachtarán agus Coiste Gnó nua tofa ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-02-24). Dáta rochtana: 2025-02-24.
- ↑ Meon Eile (7 Márta 2025). "Agallamh: Ciarán Mac Giolla Bhéin - Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2025-03-06.
- ↑ Ciarán Mac Giolla Bhéin (17 Meitheamh 2021). "Is léiriú é an fógra seo ar dhiongbháilteacht phobal na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-24.
- ↑ "Ciarán Mac Giolla Bhéin ceaptha ina cheannasaí ar Chomhairle na Gaelscolaíochta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-12-01). Dáta rochtana: 2025-02-24.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (23 Eanáir 2025). "Gníomhaí as Béal Feirste is dóichí a bheidh ina chéad uachtarán eile ar Chonradh na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-24.