Cianobair

Is éard is cianobair ann (nó obair ó chian, ríomhoibriú nó teilea-obair) ná socrú ina ndéanann an fostaí cuid de a chuid oibre ó áit eile seachas dul chuig ionad oibre d’fhostóra.
Obair ó chian
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is éard atá i gceist le cianobair ná nuair a bhíonn d’fhostaí ag obair:
- sa bhaile ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha nó
- sa bhaile cuid den am agus sa ghnáthionad oibre an chuid eile den am.[1]
Is éard atá i gceist le cianobair ná:
- logáil isteach ó chian ar ríomhaire oibre
- ríomhphost, sonraí nó comhaid a sheoladh ó chian nó
- smaointe, táirgí agus seirbhísí a fhorbairt ó chian.
Tá an fostaí fós ag obair ar na huaireanta agus na dualgais chéanna is dá mbeifeá go fisiciúil san ionad oibre.[2] Ní bhaineann na socruithe (ar revenue.ie mar shampla) le fostaithe a thugann obair abhaile taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.[1]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé de cheart ag gach fostaí sna 26 chontae cianobair nó obair sholúbtha a iarraidh faoin Acht um Chothromaíocht Oibre agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023. Tá iachall ar fhostóir tabhairt go dáiríre faoi iarratas den sórt sin, a riachtanais féin agus riachtanais an fhostaí (agus cód cleachtais an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre a thugann éifeacht don Acht) ach níl aon oibleagáid ann é a dheonú. Is é fírinne an scéil nach bhfuil aon duine ag obair ó chian gan comhoibriú a bhfostóra.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Acht um Chomhardú Saoil agus Saothair 2023 (Work Life Balance and Miscellaneous Provisions Act 2023)
- Cód Cleachtais d’Fhostóirí agus d’Fhostaithe ar an gCeart chun Iarratas Solúbtha a fháil ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) a léamh. Oibriú agus an Ceart chun Oibriú Cian-Iarr a Iarraidh. / workplacerelations.ie
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Cianobair" (ga). www.revenue.ie. Dáta rochtana: 2025-04-13.
- ↑ Citizensinformation.ie. "An ceart cianoibriú a iarraidh" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-04-13.
- ↑ Eoin Ó Murchú (2025-04-11). "Tíogair gan fiacla an tAcht Cianoibre" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-04-13.