Do chum glóire Dé agus Onóra na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ráiteas Gaeilge é Do chum glóire Dé agus Onóra na hÉireann. Bhí sé ag na Ceithre Mháistrí ar na hAnnála. Bhíodh sé le léamh ar Scéala Éireann freisin - the Irish Press, a bhunaigh de Valera. Bhíodh an mana ar leathanach tosaigh an nuachtáin.

"Doċum glóire De ⁊ onóra na hÉireann" atá os cionn an gheata i gColáiste San Antaine i Lováin. Bíonn sé le léamh ar leaca cuimhneacháin agus mar mhana ag eagraíochtaí éagsúla, ar Bhliainiris na gCaipisíneach Capuchin Annual mar shampla.