Chuaigh Muire tríd an draighneach críon
Closán | |
|---|---|
| Cineál | iomann Críostaí agus Marian hymn (en) |
| Teanga | an Ghearmáinis |
Carúl Nollag as an nGearmáin is ea Chuaigh Muire tríd an draighneach críon (Gearmáinis: Maria durch ein Dordwald ging). D'aistrigh Tadhg Ó Séaghdha go Gaeilge faoin teideal Chuaigh Muire tríd an draighneach críon é. Chan Bríd Treasa Ní Ghaoithín an carúl ar an albam Carúil Nollag le Cór Chois Fharraige, a d'eisigh Cló Iar-Chonnacht in 2013.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsíodh an chéad leagan clóite den amhrán Gearmáinise in 1850 i mbailiúchán iomann a chuir August von Haxthausen agus Dietrich Bocholtz-Asseburg le chéile. Ní fios cé a scríobh. Tagraítear i leabhar iomann a scríobhadh in 1608 d'amhrán a bhfuil fonn Maria ging durch diesen Wald (Chuaigh Muire tríd an gcoill seo) leis agus meastar go bhféadfadh sé gur mar a chéile an dá amhrán.
Leagan Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'aistrigh Tadhg Ó Séaghdha, as Caisleán Ghriaire i gContae Chiarraí ó dhúchas, roinnt carúl Nollag agus é ina mhúinteoir scoile i Scoil Sailearna i gCois Fharraige sna 1920idí agus 1930idí.
Bhí cúram chór an tséipéil ar Ó Séaghdha ar an Tulaigh agus i Ros an Mhíl. Ag an am ba bheag amhrán Nollag nó carúl i nGaeilge a bhí ann. Thug Ó Séaghdha faoi rogha de na carúil as tíortha na hEorpa a aistriú go Gaeilge. Shocraigh sé in dhiaidh sin iad a fhoilsiú.
Tá leagan den charúl Gaeilge le cloisteáil á chanadh ag Bríd Treasa Ní Ghaoithín ar an dlúthdhiosca Carúil Nollag le Cór Chois Fharraige a d'eisigh Cló Iar-Chonnacht in 2013. Tá carúil eile a d'aistrigh Ó Séaghdha le cloisteáil ar an dlúthdhiosca céanna.
Leagan Béarla
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir an cumadóir Philip Radcliffe an carúl i mBéarla faoin teideal Mary walked through a wood of thorn.
Fonn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Liricí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Muire tríd an draighneach críon,
Kyrie eleison,
Chuaigh Muire tríd an draighneach críon
'Bhí ar feo gan duilleog ghlas seacht mblian',
Íosa agus Muire.
Céard a d'iompair Muire fána croí?
Kyrie eleison,
A páistín féin gan cháim gan díth,
A d'iompair Muire fána croí,
Íosa agus Muire.
Ach siúd an draighneach críon faoi bhláth,
Kyrie eleison,
Is an naíonán naoimh á iompar ann,
Do las an draighean faoi mhaise bláth,
Íosa agus Muire.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |