Chrétien de Troyes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaChrétien de Troyes
Beathaisnéis
Breithc. 1130í
Troyes Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 1180í
36/55 bliana d'aois
Flóndras Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaSean-Fhraincis agus an Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach

IMDB: nm0873944 Spotify: 55bhYXe76Y3zwOGvf5p1BJ Musicbrainz: c64d1c3c-7a77-42ad-8f9c-6c77aa84bc29 Discogs: 3233183 Cuir in eagar ar Wikidata

File Francach ab ea Chrétien de Troyes, a rugadh thart ar an mbliain 1130 agus a fuair bás idir an bhliain 1180 agus an bhliain 1190. Meastar gurb eisean a chuir tús leis an litríocht Artúrach i dtraidisiún na Sean-Fhraincise agus go raibh sé ar dhuine desna chéad chumadóirí de rómánsaí ridireachta. Do bhí Chrétien de Troyes i seirbhís Chúirt Champagne le linn thréimhse Henri I, Cunta Champagne, agus Mharie de France, a bhean chéile.

Is iad Érec et Énide (Gaeilge: 'Érec agus Énide'), Cligès, Lancelot ou le Chevalier de la charrette (Gaeilge: 'Lancelot, nó Ridire na cairte'), Yvain ou le Chevalier au lion (Gaeilge: 'Yvain, nó Ridire an Leoin'), agus Perceval ou le Conte du Graal (Gaeilge: 'Perceval, nó Scéal an tSoithigh Naofa'), saothar neamhchríochnaithe, na saothair is tábhachtaí de chuid Chrétien de Troyes.

Tugann na saothair a chum Chrétien de Troyes léargas iontach dúinn ar dhearcadh na ndaoine ar scríobh sé dóibh, ar idéil an niachais, ar an ngrá cúirtéiseach, agus ar chúrsaí creidimh ag an am.