Jump to content

Christy O'Connor Sinsear

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaChristy O'Connor Sinsear
Beathaisnéis
Breith21 Nollaig 1924
Bás14 Bealtaine 2016
91 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmgalfaire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtgalf Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- European Ryder Cup team (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Galfaire gairmiúil as Cnoc na Cathrach, Gaillimh, ba ea Christy O'Connor Sinsear[1] (21 Nollaig 1924 – 14 Bealtaine 2016). Bhí aithne leitheadach ar Christy O’Connor ní amháin ina thír dhúchais agus sa mBreatain, ach freisin sna Stáit Aontaithe, mar gur imir sé in aghaidh phlúir ghalfairí na tíre sin deich n-uaire as a chéile i gCorn Ryder agus ar son na hÉireann i gCorn Domhanda an Ghailf cúig huaire lena chois sin. Bhí Craobh Shinsearach an Domhain buaite aige faoi dhó, agus d’imir sé in 10 gcluiche i ndiaidh a chéile i gCorn Ryder, rud a chuir le bua na hÉireann i gCorn Cheanada 1958 in éineacht le Harry Bradshaw.[2]

I bpobalbhreith in 2015, vótáil léitheoirí an nuachtáin an Curadh Connachtach go mba é Christy O’ Connor Senior an laoch spóirt is mó le rá de chuid na Gaillimhe a bhí fós ina bheatha ag an am.[3]

Is minic ráite ag Christy gur de thimpiste den chuid ba mhó a ghlac sé an bóthar a thaistil sé. Murach go raibh garraí a bhí ag a athair Michael (feirmeoir beag agus Gaeilgeoir ó dhúchas) in aice na céad phlásóige ar Ghalfchúrsa na Gaillimhe, tá seans gur ar chamán, ar shluasaid nó ar láí a bhéarfadh sé. Ba faisean leis, lena dheartháir John agus le cúpla comharsa dá gcuid i gCnoc na Cathrach, an claí a chaitheamh de léim agus beagán imeartha a dhéanamh ‘ar chúl téarmaí’ ar an gcuid sin den chúrsa nach raibh aon fheiceáil air as an gclubtheach. Rinne Christy giollaíocht i gcumainn áitiúla ar dtús. Lucht gustail amháin a bhíodh ag plé leis an ngalf ag an am, ach bhí sé d’ádh freisin ar Christy gur thug an galfaire gairmiúil a bhí i nGaillimh ag an am, Pat Quinn, cumas an ógánaigh faoi deara agus gur chuir sé trealamh agus maidí ina bhealach nuair a d’fhág siad siúd a bhí acmhainneach na seanchinn adhmaid ina ndiaidh agus nuair a chuaigh siad ag plé leis an maide cruaiche. Galfaire gairmiúil darbh ainm Bob Wallace a tháinig i gcomharbacht ar Quinn agus thug seisean cuireadh den Chonchubhaireach a bheith mar chúntóir aige. Cé go raibh fanacht cúpla bliain air sula bhfuair sé cead imeartha i gcomórtais Chumainn Ghalfairí Gairmiúla na hÉireann (I.P.G.A.) agus na Breataine mar go ndearna an Bhailíseach dearmad a ainm a chlárú leo, bhí tús curtha ag Christy lena ghairm bheatha.[3]

D'aistriigh an Conchubhaireach chuig Galf Chumann Thuama faoin am a dtáinig an cead imeartha. Sa bhliain 1951 bhailigh na baill ansiúd £70 eatarthu lena chur go Port Rois, áit a raibh Craobh Oscailte na Breataine ar bun. Sa 19ú háit a chríochnaigh sé agus fuair sé £19. Ní raibh aon stopadh air as sin amach.

Chuaigh sé as Tuaim go Bun Dobhráin, áit ar mháistrigh sé a cheird agus an doineann a shéideann isteach ansiúd ón Atlantach mar chabhair aige ina phrintíseacht. Lá dá raibh, bhí Christy agus triúr galfairí aimitéireacha den scoth ag imirt an 13ú poll i mBun Domhráin (Par 3, 235 slat ) nuair a d’fhiafraigh duine de na haimitéirigh den Chonchubhaireach cén maide a bhuail sé den tí. “Uimhr 4” , a deir Christy. “M’anam gur Uimhir 5 a bhuail mise”, a deir mo dhuine, ag tabhairt le tuiscint go mba mhó de ghaisce a bhí déanta aige féin! Leag Christy uaidh an mála. Ceann ar cheann thóg sé aníos gach a raibh de mhaidí ann, an ‘putter’ san áireamh agus murar thuirling an buille a bhuail sé ar an bplásóg, ní i bhfad uaidh a bhí sé! Tháinig a chéad bhua gairmiúil in 1955 ag Turnaimint Swallow-Penfold. Bhí Harry Bradshaw mar chomrádaí aige nuair a bhuaigh Éire an Corn Domhanda sa nGalf (Corn Cheanada ag an am, Corn an Domhain)i 1958. As féin bhuaigh sé na déaga arda de mhórchomórtais agus Craobh Gairmiúil a thíre dhúchais deich n-uaire.[3]

D'imir an Conchubhaireach ar fhoireann an Ryder Cup deich n-uaire idir 1955 agus 1973.

1960idí-1970idí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn na 1960idí, bhí comhsheasmhacht iontach aige, agus bhuaigh sé imeacht gairmiúil amháin ar a laghad gach bliain ar Thuras na Breataine. Bhí O’Connor sa dara háit i gCraobh Oscailte na Breataine i 1965 nuair a bhuaigh an tAstrálach Peter Thompson i Birkdale. D’imir sé sa gcomórtas sin 26 uair ar fad agus bhí sé le n-áireamh ar an deichniúr ab fhearr a rinne 8 n-uaire acu.[3]

Bhuaigh sé na déaga de na comórtais ghairmiúla gailf ba mhó a bhí sa tír seo agus sa mBreatain ag an am. Ba é an pointe is tábhachtaí i ngairm O’Connor ná a rannpháirtíocht sa Chraobh Oscailte, inar imir sé 26 huaire, agus an toradh is fearr a bhí aige ná a bheith cothrom le himreoir eile don dara háit in 1965. Ba é a thug leis an duais ba mhó a tairgeadh sa spórt go dtí sin nuair a bhuaigh sé an John Player Classic agus £25,000 sa mbliain 1970 (£5,000 a fuair buaiteoir Chraobh Oscailte na Breataine an bhliain sin).

Bhí an-rath air in imeachtaí foirne chomh maith, agus chuaigh sé san iomaíocht in 15 chluiche Chorn Cheanada/Coirn Dhomhanda. Bhain sé amach an churiarracht don líon is airde uaireanta a ghlac galfaire Éireannach páirt i gCorn Ryder; d'imir an Conchubhaireach ar fhoireann an Ryder Cup deich n-uaire idir 1955 agus 1973.

Ní bhfuair fear Chnoc na Cathrach deis riamh imirt san Augusta Masters, comórtas a bhuaigh Gary Player, Arnold Palmer agus Jack Nicklaus  dosaen uair eatarthu nuair a bhí Christy i mbarr a réime. Ach, de bharr an Choirn Ryder, bhí aithne mhaith acu ar a chéile agus i 1991 nuair a hosclaíodh cúrsa Mount Juliet tugadh Nicklaus anall go n-imreodh sé fhéin agus Ó Conchubhair a chéile i gcluiche taispeántais. Beagán le cois an leathchéid a bhí an Meiriceánach, Christy i bhfoisceacht 3 bliana den trí scór go leith. Nuair a chríochnaigh an imirt, is é an scéala a bhí ag clár an scóir. O’ Connor 72, Nicklaus 74.[3]

Ionduchtaíodh é sa Hall of Fame Gailf Dhomhanda in 2009. Pearsa ionúin i bpobal an ghailf a bhí in O’Connor, a raibh clú ar a ghairmiúlacht, a chomhsheasmhacht, agus a dhúthracht i leith an spóirt.

Phós O’Connor Mary Collins in 1954, lena raibh seisear páistí aige. D’éag sé ag aois a 91 ar an 14 Bealtaine 2016.[2]

Ghnóthaigh a nia, Christy O'Connor Sóisear (1946-2016), an British Open faoi dhó agus ní dhéanfar dearmad go brách ar an Ryder Cup nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Fred Couples ar an ochtú poll déag sa Belfry i 1989, agus, bhí sé chomh maith a rá, ghnóthaigh an Eoraip an Ryder Cup dá bharr.[4]

  1. Christy O'Connor Mór, nó i mBéarla, Christy O'Connor Senior
  2. 2.0 2.1 "Éisiúint de Thuilleadh Taifead Stairiúil ar Líne fógartha ag na hAirí O’Donovan agus Calleary" (en). gov.ie. Dáta rochtana: 2025-05-25.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Mártan Ó Ciardha (12 Aibreán 2015). "Ní bhfuair Christy O’ Connor deis riamh imirt san Augusta Masters, ach d’imir sé in aghaidh phlúir ghalfairí SAM" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-25.
  4. "June 2006 - University of Galway". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2025-05-24.