Christopher McCandless
| Ainm sa teanga dhúchais | (en) Christopher Johnson McCandless |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 12 Feabhra 1968 El Segundo, California |
| Bás | 18 Lúnasa 1992 (<6 Meán Fómhair 1992) 24 bliana d'aois Stampede Trail, SAM (en) |
| Siocair bháis | Bás tionóisceach (Ocras) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Ainm cleite | Alexander Supertramp |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Emory Carter G. Woodson High School (en) |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | taiscéalaí, dialannaí, taistealaí |
| Teangacha | Béarla |
Taiscéalaí agus siúlóir Meiriceánach ba ea Christopher Johnson McCandless, nó Alexander Supertramp mar a thugadh sé air féin (12 Feabhra 1968 – 18 Lúnasa 1992).
Tar éis dó céim a bhaint amach sa bhliain 1990, d'fhág McCandless a mhuintir agus a bhaile dúchais i Virginia agus chuaigh sé ar seachrán ar fud na tíre, go dtí gur shroich sé Alasca.

Ar a thuras deireanach níor thug sé leis ach beagán bia agus trealaimh. Fuair sé bás cúig mhí ina dhiaidh sin in aice le Páirc Náisiúnta Denali, i seanbhus a bhí mar áit chónaithe aige.
Bhí an ghairm chun an fhiántais róláidir dó. Thug sé bás le hocras dó féin, b’fhéidir.
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Téann scéal McCandless i bhfeidhm go cumhachtach fós ar shamhlaíocht phobal an lae inniu.
Sa bhliain 1996, scríobh Jon Krakauer Into the Wild, leabhar a bhí bunaithe ar shaol McCandless.

Uaidh sin a d'eascair scannán a raibh an teideal céanna air sa bhliain 2007. Sean Penn a stiúir é agus ghlac Emile Hirsh an phríomhpháirt.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |