Jump to content

Christopher Ewart-Biggs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaChristopher Ewart-Biggs
Beathaisnéis
Breith5 Lúnasa 1921
Thanet, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Iúil 1976
54 bliana d'aois
Áth an Ghainimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnbhású
Ambassador of the United Kingdom to Ireland (en) Aistrigh
1976 – 1976 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Wellington
Coláiste na hOllscoile, Oxford Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirForeign, Commonwealth and Development Office (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Teaghlach
CéileJane Ewart-Biggs, Baroness Ewart-Biggs (en) Aistrigh (1960–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHenrietta Ewart-Biggs (en) Aistrigh, Kate Ewart-Biggs (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHenry Ewart-Biggs (en) Aistrigh  agus Mollie Hilda M. Brice (en) Aistrigh
Gradam a fuarthas

Taidhleoir Briotanach ab ea Christopher Thomas Ewart Ewart-Biggs (5 Lúnasa 1921 – 21 Iúil 1976). Ceapadh ina Ambasadóir na Breataine d'Éirinn é ar an 9 Iúil 1976, ach níor mhair sé ach dhá lá dhéag sa phost sular fheallmharaigh baill den IRA Sealadach é, in aice lena theach cónaithe in Áth an Ghainimh, i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.[1][2]

Geata Glencairn House, áras conáithe an ambasadóra i gcónaí
Maraíodh é ar Murphystown Road; in aice leis an M50 inniu

Rugadh Ewart-Biggs i gceantar Thanet, Kent, mac leis an gCaptaen Henry Ewart-Biggs agus lena bhean Mollie Brice. Fuair sé a oideachas i gColáiste Wellington agus i gColáiste na hOllscoile, Oxford.

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, d'fhóin sé san arm leis an Royal West Kent Regiment. Sa Dara Cath ag El Alamein, sa bhliain 1942, chaill sé a shúil dheas; chaith sé súil bhréige agus gloiní dorcha os a cionn as sin amach.

Gairm taidhleoireachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Ewart-Biggs isteach sa tSeirbhís Eachtrach sa bhliain 1949. I gcaitheamh a ghairme, bhí sé lonnaithe sa Liobáin, i gCatar, san Ailgéir, i Manila, sa Bhruiséil agus i bPáras. Agus é ina chonsal Briotanach san Ailgéir sa bhliain 1961, roimh neamhspleáchas na hAilgéire ón bhFrainc, ba sprioc é d'iarchoilínigh Fhrancacha a bhí i gcoinne an neamhspleáchais.

Ambasadóir go hÉirinn agus feallmharú

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 21 Iúil 1976, agus é ag taisteal ó theach cónaithe an ambasadóra in Áth an Ghainimh, phléasc mianach talún faoin gcarr armúrtha ina raibh sé, timpeall 140 méadar óna theach. Maraíodh Ewart-Biggs féin agus Judith Cooke, rúnaí príobháideach do Brian Cubbon, oifigeach sinsearach de chuid Oifig Thuaisceart Éireann. Gortaíodh an tiománaí, Brian O'Driscoll, agus Cubbon féin.

Chuir an fheallmharú alltacht ar mhuintir na hÉireann agus na Breataine araon. Dúirt an Taoiseach Liam Cosgrave gur líon an eachtra "gach Éireannach macánta le náire". Rinne na Gardaí praiseach cheart den fhiosrúchán; gabhadh trí dhuine dhéag a raibh amhras fúthu, ach níor ciontaíodh aon duine riamh as an eachtra.[3]

Mar thoradh ar an bhfeallmharú, ritheadh bille slándála éigeandála, an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1976, sa Dáil, ach dhiúltaigh an tUachtarán Cearbhall Ó Dálaigh é a shíniú agus chuir sé faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí é. Tharraing an cinneadh sin conspóid. Ag ócáid airm i nDún Columb, Muileann gCearr, thug Aire Cosanta an Chomhrialtais, Paddy Donegan (Fine Gael) masla dó. Chuir sé ina leith "Thundering disgrace" (nó i bhfad níos graosta).[4] An rud is tábhachtaí agus is measa, bhí an tAire ag labhairt os comhair oifigeach Airm na hÉireann i Muileann gCearr. Ar deireadh, d'éirigh an tUachtarán féin as oifig.[5]

Phós Ewart-Biggs faoi dhó: Mary Raines Gavrelle Thomas sa bhliain 1952 (a fuair bás sa bhliain 1959), agus Felicity Jane Randall sa bhliain 1960. Bhí triúr clainne aige lena dhara bean: Henrietta, Robin, agus Kate.

Tar éis bhás a fir chéile, rinne Jane Ewart-Biggs mórshaothar ar son an chairdis idir Éire agus an Bhreatain, agus ceapadh ina Bantiarna í i dTeach na dTiarnaí. Bhunaigh sí Duais Cuimhneacháin Christopher Ewart-Biggs sa bhliain 1977, duais liteartha a bhronntar ar shaothair a chuireann chun cinn tuiscint agus síocháin idir Éire agus an Bhreatain.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ dib.ie. "Biggs, Christopher Thomas Ewart-". Dáta rochtana: 2026.
  2. ↑ "Search For British Ambassador's Assassins" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2026-07-21.
  3. ↑ Diarmuid Ferriter, Professor of Modern Irish History UCD. (2026-07-14). "The Assassination of the British Ambassador to Ireland" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-07-21.
  4. ↑ "My part in downfall of a President over the 'thundering disgrace' debacle" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  5. ↑ "Údar iontais ar bith i leabhar faoin tacaíocht a tugadh do na Sealadaigh ó dheas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-06-04). Dáta rochtana: 2026-07-21.