Chris Kilmore
(2012) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Eanáir 1973 51 bliana d'aois Dillsburg, Pennsylvania |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil George Washington Ardscoil Northern |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoltóir, dioscmharcach |
Seánra | Rac malartach |
Uirlis | Uirlis mhéarchláir |
Lipéad ceoil | Epic |
Suíomh gréasáin | djkilmore.com |
|
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is caschláraí den racghrúpa Incubus é Chris Kilmore. Rugadh é ar an 21 Eanáir 1973.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh suas Chris Kilmore lastuigh Pittsburgh, Pennsylvania. B'uchtleanbh é. Bhlasadh sé 'casadh bordanna' den chéad uair nuair a chonaic sé 'Jazzy Jeff agus an Fresh Prince' ag seinm beo. Cheannaigh sé a chéad bhord tar éis post a fháil i mbialann bia tapaidh agus cheannaigh a athair an chuid eile. Mar dhuine fásta, ghluais Chris chuig Los Angeles ar thóir gairm ceoil. Fuair sé cúpla gigeanna mar DJ agus chuaigh sé san fhoireann cath DJ, na Jedi Knights (Is fanna móra Star Wars é Chris). I 1998, fuair sé deis chun dul ó anaithnideas go seinm os comhair na sluaite daoine thar oíche nuair a chuaigh sé ar triail don ghrúpa rac-cheoil Incubus. I lár turas, d'fhostaigh siad é tar éis triail amháin agus d'fhoghlaim sé na páirteanna de scóranna amhráin i gcúpla lá. Roimh a fhoistigh Incubus é, bhí sé ar dul gan leictreachas toisc nach raibh an airgead aige chun an fiacha a íoc.
Tar éis turas fada, scríobh an banna albam nua Make Yourself le Chris. Tháinig cáil mhór ar an albam agus anois bhí ainm teaghlach é Chris Kilmore. Tar éis sin, sheol an grúpa amach Morning View agus A Crow Left of the Murder. Anois, tá Chris díreach tar éis turas an domhain a dhéanamh agus thaifead an grúpa cúpla amhrán chun an cheol don scannán Stealth. Freisin, sheinn sé cúpla gig ina aonar tá sé ar intinn Chris albam féin a seoladh amach.