Chittaranjan Das
Ainm sa teanga dhúchais | (bn) চিত্তরঞ্জন দাশ |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 5 Samhain 1870 Bikrampur |
Bás | 16 Meitheamh 1925 54 bliana d'aois Step Aside |
1 Méara Chalcúta | |
16 Aibreán 1924 – 17 Iúil 1925 – Jatindra Mohan Sengupta (en) → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Presidency - Baitsiléir Ealaíon (–1890) |
Teanga dhúchais | Beangáilis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | abhcóide, polaiteoir, scríbhneoir, trodaí ar son na saoirse |
Ball de pháirtí polaitíochta | Comhdháil Náisiúnta na hIndia |
Teangacha | Beangáilis |
Teaghlach | |
Céile | Basanti Devi |
Páiste | Aparna Devi |
Siblín | Urmila Devi agus Prafulla Ranjan Das |
Duine de na dlíodóirí Indiacha is mó le rá lena linn ba ea Chittaranjan Das, C. R. Das, nó Deshbandhu, 'cara an náisiún' (5 Samhain 1870 – 16 Meitheamh 1925). Boc mór sa Chomhdháil Náisiúnta Indiach agus scríbhneoir Beangáilise tábhachtach ba ea é chomh maith.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]De shliocht a bhí chun tosaigh sa Brahmo Samaj agus i ngairm an dlí ab ea Chittaranjan Das. Rinne sé staidéar i Londain, i gCumann Onórach an Teampaill Láir idir 1890 agus 1894.
D'fhill sé ar ais ar an India, áit ar ghnóthaigh sé cleachtadh dlí éadálach. Tháinig sé i láthair na cúirte thar ceann an chosantóra i roinnt cásanna polaitíochta ba mhó i mbéal an phobail sa tréimhse sin - ar nós Cás Bhuama Alipore (1908-9) agus Cás Chomhcheilg Dhaka (1910-11).
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Chittaranjan Das i measc na gceannairí ní ba thábhachtaí den Chomhdháil Náisiúnta Indiach: bhí páirt mhór aige sa Ghluaiseacht um an Neamh-chomhoibriú idir 1919 agus 1922 i mBeangál. Bhí sé ina Uachtarán ar an gComhdháil sa bhliain 1922.
Ina theannta sin, ba é an chéad duine a toghadh ina mhéara ar bhardas cathrach Chalcúta sa bhliain 1924.
Thug sé droim láimhe le Gandhi agus le formhór na Comhdhála maidir leis an gceist ar cheart seasamh i dtoghcháin do na comhairlí reachtacha cúige agus don lárchomhairle reachtach (chun dul i mbun beartas bacóireachta parlaiminte).
In éineacht le Motilal Nehru, Subhas Chandra Bose agus maithe eile de chuid na gluaiseachta náisiúnta, chuir Chittaranjan Das an Páirtí Swaraj[2] ar bun in Eanáir 1923, chun an polasaí sin a chur i ngníomh.
Bás agus tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mheath an tsláinte air agus chuaigh sé suas go dtí Darjeeling chun a scíth a ligean. Ina ainneoin sin, d'éag sé ar 16 Meitheamh 1925.
Thit an páirtí as a chéile den chuid is mó tar éis a bhás. Bhí Chittaranjan Das ina mheantóir do Subhas Chandra Bose, duine a tháinig chun cinn ar dtús faoina choimirce.
File
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Das ar thús cadhnaíocht litríocht na Beangáilise. Dúradh nuair a d'éag sé gur shárscríbhneoir a bhí ann, dar le daoine ar nós Rabindranath Tagore.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Chittaranjan Das". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Swaraj" (as en) (2021-06-20). Wikipedia.
- ↑ "Chittaranjan Das versus Rabindranath Tagore" (en-US). The Statesman (2018-11-26). Dáta rochtana: 2021-06-18.