Jump to content

China Global Television Network

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaChina Global Television Network

ManaSee the difference Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgréasán teilifíse
craoltóireacht idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh31 Nollaig 2016
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtChina Media Group (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáincgtn.com Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: ChinaGlobalTVNetwork X: CGTNOfficial Instagram: cgtn LinkedIn: cgtn-digital Youtube: UCgrNz-aDmcr2uuto8_DL2jg Youtube: CCTVNEWSbeijing Pinterest: CGTNOfficial Cuir in eagar ar Wikidata

China Global Television Network, nó CGTN, á rith ag Roinn Phoiblíochta Pháirtí Cummannach na Síne. Is í an rannóg idirnáisiúnta í de Theilifís na Síne, CCTV.[1]

Físeán: Cogadh na Cóiré ar CGTN
Araibis
clár faisnéise

Tá CGTN ag craoladh i dteangacha éagsúla. Foilsíonn siad nuacht ar na meáin shóisialta in 85 teanga freisin, an Ghaeilge ina measc.[1] Bunaíodh an t-eagrán idirnáisiúnta de CCTV chun scéal na Síne a scaipeadh ar fud an domhain. Tá an eagraíocht á maoiniú go hiomlán ag stát na Síne, rud a thugann deis don Pháirtí Cummannach a dhearcadh féin a chur chun cinn gan srian.

Tá straitéis chuimsitheach ilteangach ag CGTN. Tá CGTN á chraoladh i sé theanga dhéag, Béarla, Spáinnis, Fraincis, Araibis, Rúisis agus Sínis ina measc. Ach téann a gcuid oibre i bhfad níos faide ná sin. Ar na meáin shóisialta, foilsíonn CGTN ábhar i 85 teanga éagsúla (in 2025). Tá sé soiléir go bhfuil CGTN ag iarraidh teacht isteach ar gach margadh agus ar gach pobal is féidir leo, beag nó mór.

Is cuid de straitéis níos leithne í CGTN atá ag an bPáirtí Cumannach chun tionchar a imirt ar thuairimí an phobail ar fud an domhain. Tugtar "cumhacht bhog" ar an straitéis seo. Seachas dul i muinín cumhacht mhíleata nó eacnamaíoch amháin, tá an Pháirtí ag iarraidh tionchar a imirt ar an mbealach a smaoiníonn daoine faoin tSín.

Tá sé curtha i leith CGTN ag go leor rialtóirí - agus ag Iriseoirí Gan Teorainneacha – go bhfuil CGTN go scaipeadh bolscaireachta ar fud an domhain ar son an Pháirtí Chumannaigh sa tSín. Deir siad nach bhfuil i gceist ach ceilteanas; gur iarracht na Síne atá ann cuma na maitheasa a chur ar chúrsaí Síneacha ar an ardán idirnáisiúnta.

Sa Ríocht Aontaithe, tharraing Ofcom ceadúnas craoltóireachta CGTN siar, de bharr é a bheith faoi smacht an Pháirtí Chumannaigh, a thug siad le fios. Dúirt Ofcom go raibh CGTN claonta, sa chlúdach a rinne siad ar agóidí in Hong Cong i 2019 agus i 2020 ach go háirithe.[1] I gclúdach CGTN ar na heachtraí seo, áfach, cuireadh béim ar an mí-ord a bhain leis na hagóidí, agus tugadh "círéibigh" ar na hagóideoirí go minic. Níor tugadh aird cheart ar chúiseanna na n-agóidí, ná ar an imní faoi chearta an duine a bhí taobh thiar díobh.

Tá imní curtha in iúl ag rialtóirí i dtíortha eile freisin. San Astráil, chuir an rialtóir meán faoi deara go raibh ábhar CGTN ag teacht salach ar rialacha maidir le cothroime. Tá tíortha eile ag breathnú go géar ar CGTN.

Níl ceadúnas craoltóireachta ag CGTN in Éirinn ó dheas. Mar sin, ní gá dóibh rialacha meán na tíre seo a chomhlíonadh.[1] Ciallaíonn sé gur féidir le CGTN ábhar a scaipeadh in Éirinn gan aon mhaoirseacht ná rialú.

Tá leathanach Facebook Gaeilge á rith ag CGTN, CGTN Gaeilge, cuntas Facebook a raibh 40,000 leantóir aige (i mí Dheireadh Fómhair 2025). Tuairiscíodh gur fíordhuine atá i mbun an chuntais sin seachas bota, duine ón tSín a d'fhoghlaim an Ghaeilge in Éirinn. Níl cead a chinn aige ó thaobh na heagarthóireachta de ach aistríonn sé na scéalta is rogha do CGTN le cabhair na hIS.[1]

Faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha, is faoi na hardáin féin rialú a dhéanamh ar chuntais leo sa chéad dul síos.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]