Charlie Kirk
Gníomhaí polaitiúil ó Stát Illinois ba ea Charlie Kirk (14 Deireadh Fómhair 1993 – 10 Meán Fómhair 2025). Bhí tuairimí láidre aige de chuid na heite deise agus chraobhscaoil sé iad go tréan, i measc na n-óg go háirithe. Bhí baint nach beag ag Kirk leis an dul chun cinn polaitiúil ag Donald Trump ó 2015 ar leith.[1] Bhí an creideamh Críostaí lárnach ina shaol agus ina chuid oibre.
Níl aon amhras ach go raibh tallann faoi leith ag Kirk breith ar spiorad an aosa óig. Bhí luach faoi leith leis sa Pháirtí Phoblachtach nó mheall sé an dream óg ina sluaite, ní hamháin chuig na cruinnithe móra poiblí a reáchtáil sé ar fud na tíre ach chuig an chineál Críostaíochta atá á brú ag an eite dheis. An cineál Críostaíochta a chuireann béim ar an fhearúlacht agus ar Mheiriceá láidir, a mholann tacaíocht do na Síónaigh in Iosrael agus a sheachnaíonn teagmháil ar bith le creideamh ar bith eile, go háirithe an tIoslamachas.[2]




Críostaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh Kirk mar Phreispitéireach agus d'iompaigh sé ina dhiaidh sin chuig an gCríostaíocht soiscéalach. Bhí Kirk ina Chríostaí soiscéalach, agus mhúnlaigh a chreideamh a dhearcadh ar an saol agus a theachtaireacht pholaitiúil. D'oibrigh sé go dlúth le ministir agus tréadaí soiscéalach Rob McCoy ó Godspeak Calvary Chapel.[3]
Síónach ba ea Kirk, agus go láidir ar son Iosrael. Ina theannta sin, rinne Kirk an-cháineadh ar an eaglais Caitliceach. Bhí deacrachtaí aige leis an bpápacht go háirithe. Cháin sé an Pápa Proinsias mar "Marxach".
D'oibrigh TPUSA Faith ( "Turning Point" Faith), an eagraíocht creidimh a bhunaigh Kirk, go príomha le heaglaisí soiscéalacha.
Dúirt Kirk i bhfíseán ó 2020 gur mhaith leis go gcuimhneofaí air mar gheall ar a chreideamh: "Ba mhaith liom go gcuimhneofaí orm mar gheall ar mo mhisneach agus mo chreideamh. Is é mo chreideamh an rud is tábhachtaí i mo shaol". Bhí conspóid ann faoi conas a d'úsáid Kirk a chreideamh sa pholaitíocht, ach is léir go raibh an creideamh Críostaí lárnach ina shaol agus ina chuid oibre.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Kirk agus an fear gnó Bill Montgomery an eagraíocht "Turning Point USA"[4] sa bhliain 2012, eagraíocht chun mic léinn ollscoile a mhealladh chuig an eite fhíordheis. Ní raibh Kirk ach 18 mbliana d'aois ag an am. Gníomhaí (saibhir) de chuid an "Tea Party" ba ea Montgomery, ina 70idí ag an am (ar an drochuair bhuail an Covid Montgomery agus d'éag in 2020).
Bhí Kirk ar dhuine de na guthanna ba thábhachtaí sa ghluaiseacht coimeádach i measc daoine óga sna Stáit Aontaithe. Bhí sé ina chara dlúth le Trump; aithníodh é ar dhuine den dream ba mhó a ghríosaigh an aos óg chun vótáil ar son Trump.[5]
Chreid Kirk go láidir i luachanna traidisiúnta Críostaí. Chuir sé i gcoinne "cultúr cealaithe" nó "cealchultúr" [6] na heite clé.
Bhí Kirk go tréan in aghaidh rialú gunnaí sna Stáit Aontaithe. Thug sé tacaíocht dóibh siúd a bhí i gcoinne rialú gunnaí, an oiread sin gur mhaígh sé nár mhiste dá bhfaigheadh líon áirithe daoine bás mar gheall orthu.
Bhí sé amuigh ar Kirk go raibh sé sásta dul i ndíospóireacht le daoine nár aontaigh leis ach, le bheith fírinneach, bhí níos mó den chur ná den chúiteamh sna seisiúin argóna sin, an cineál ócáide poiblí ag ar feallmharaíodh é.[2]
Feallmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Kirk óráid ag ollscoil i stát Utah ar an 10 Meán Fómhair 2025, agus é ag labhairt os comhair 3,000 duine. Bhí 8 garda cosanta pearsanta ag Kirk ag an ócáid agus bhí a lán póilíní ar dualgas ann chomh maith.
Goineadh Kirk nuair a lámhachadh é ; bhásaigh Kirk dhá uair a chloig ní ba dheireanaí. 31 bliain d'aois a bhí sé.
Scaoil an t-aimsitheoir Kirk sa mhuineál. Scaoileadh aon urchar amháin agus líne amhairc 158 méadar aige.[7] Bhí bean chéile Kirk agus a bheirt pháiste óga ar an gcampas ag an am.[8]
Bhuail Donald Trump an milleán faoin marú ar 'radacaithe de chuid na heite chlé'. D'iarr sé go mbeadh gach aon bhrat ar an Teach Bán agus foirgnimh rialtais eile ar leath-chrann ar feadh trí lá.[1]
An lámhachóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gabhadh an t-aimsitheoir, Tyler Robinson, dhá lá níos déanaí (fear óg as iardheisceart Utah a rugadh timpeall 2003). Bhain sé úsáid as Mauser 98, raidhfil boltála de chalabra .30-06. agus raidhfil seilge de ghnáth.[9]
Thug duine muinteartha le Tyler Robinson ráiteas do na póilíní, inar dhúirt sé gur labhraíodh sé go minic go dímheasúil faoi Kirk.[10]
Thug duine muinteartha leis an té go bhfuil amhras faoi ar láimh do na poilíní é.
Dúirt Trump "Tá súil agam go ngearrfar pionóis an bháis air". Baintear úsáid as pionós an bháis san Utah ; tugadh instealladh marfach do dhúnmharfóir sa bhliain 2024.[11]
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt an tUachtarán Trump gur mhairtíreach a throid ar son na fírinne agus na saoirse ab ea Kirk. Mhaígh sé go raibh radacaithe na heite chlé ag cothú cuid mhór den fhoréigean polaitiúil sa tír.[1]
Eagraíodh Seirbhís chuimhneacháin Charlie Kirk ar an 21 Meán Fómhair. Rinne Uachtarán na Stát Aontaithe cur síos ar Kirk mar ‘laoch mór na Stát Aontaithe,’ agus ‘mairtíreach'.[12]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Nuacht RTÉ (2025-09-11). "Póilíní sa tóir ar an té a mharaigh Charlie Kirk" (as ga-IE).
- 1 2 Ciarán Ó Pronntaigh (MF 2025). "Cogadh na reitrice < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2025-09-18.
- ↑ "Home | Godspeak Calvary Chapel" (en). Godspeak. Dáta rochtana: 2025-09-11.
- ↑ "Turning Point USA" (as en) (2025-09-11). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-12). "Trump "ionann is cinnte" go bhfuil té gafa faoi mharú Kirk" (as ga-IE).
- ↑ "Cancel culture" (as en) (2025-06-11). Wikipedia.
- ↑ "Charlie Kirk's assassin not necessarily an expert marksman, former ATF agents say" (en). NBC News (2025-09-11). Dáta rochtana: 2025-09-12.
- ↑ extrag.ie (2025-09-10). "Charlie Kirk, tacaí óg ag Trump, a lámhachadh chun báis?" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-09-11.
- ↑ A. B. C. News. "Tyler Robinson named suspect in Charlie Kirk shooting, how he was caught" (en). ABC News. Dáta rochtana: 2025-09-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-12). "Fear óg as Utah, 22 bliain d'aois, gafa maidir le feallmharú Kirk" (as ga-IE).
- ↑ "Capital punishment in Utah" (as en) (2025-08-31). Wikipedia.
- ↑ Jack Mac Íomhair (2025-09-26). "Searmanas cuimneacháin Charlie Kirk ag lucht na heite deise – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-09-28.
- Daoine a rugadh i 1993
- Básanna in 2025
- Cruthaíochtaithe
- Daoine a feallmharaíodh
- Daoine ar YouTube
- Daoine as Illinois
- Daoine de bhunadh na hAlban
- Daoine frith-LADT
- Fir
- Gníomhaithe Mheiriceá
- Gníomhaithe polaitiúla
- Láithreoirí raidió
- Lucht comhcheilge
- Meiriceánaigh de bhunadh na hÉireann
- Poblachtánaigh na Stát Aontaithe
- Podchraoltóirí Meiriceánacha
- Protastúnachas Soiscéalach
- Protastúnaigh
- Scríbhneoirí Meiriceánacha
- Síónaigh
- Tionchairí ar líne
- Lucht Trump
- Turning Point