Cathal Ó hEochaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Charles Haughey)
Infotaula de personaCathal Ó hEochaidh

(1967) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Cathal Séamas Ó hEochaidh
Beathaisnéis
Breith16 Meán Fómhair 1925
Caisleán an Bharraigh (Saorstát Éireann)
Bás13 Meitheamh 2006
80 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse phróstataigh)
Áit adhlacthaReilig Naomh Fhiontain, Cill Fhionntain Cuir in eagar ar Wikidata
An tAire Airgeadais
7 Samhain 1991 – 14 Samhain 1991
← Ailbhe Mac RaghnaillParthalán Ó hEachthairn →
Aire Cosanta
1 Samhain 1990 – 5 Feabhra 1991
← Brian Pádraig Ó LuineacháinBrendan Daly (en) Aistrigh →
Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil


Teachta Dála
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil


Taoiseach
10 Márta 1987 – 11 Feabhra 1992
← Gearóid Mac GearailtAilbhe Mac Raghnaill →
Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil


An tAire Oideachais agus Scileanna
7 Deireadh Fómhair 1982 – 27 Deireadh Fómhair 1982
← Martin O'DonoghueGerard Brady (en) Aistrigh →
Taoiseach
9 Márta 1982 – 14 Nollaig 1982
← Gearóid Mac GearailtGearóid Mac Gearailt →
Teachta Dála
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil


Teachta Dála
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 22ú Dáil


Taoiseach
11 Nollaig 1979 – 30 Meitheamh 1981
← Seán Ó LoingsighGearóid Mac Gearailt →
Ceannaire Fhianna Fáil
7 Nollaig 1979 – 6 Feabhra 1992
← Seán Ó LoingsighAilbhe Mac Raghnaill →
Teachta Dála
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 21ú Dáil


An tAire Sláinte
5 Iúil 1977 – 11 Nollaig 1979
← Breandán Mac FheoraisMichael Woods (en) Aistrigh →
Aire Coimirce Sóisialaí
5 Iúil 1977 – 12 Nollaig 1979
← Breandán Mac FheoraisMichael Woods (en) Aistrigh →
Teachta Dála
14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 20ú Dáil


Teachta Dála
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 19ú Dáil


An tAire Airgeadais
10 Samhain 1966 – 7 Bealtaine 1970
← Seán Ó LoingsighSeoirse Ó Colla →
Teachta Dála
21 Aibreán 1965 – 21 Bealtaine 1969 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 18ú Dáil


An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara
8 Deireadh Fómhair 1964 – 10 Samhain 1966
← Patrick SmithNeil Blaney →
Teachta Dála
11 Deireadh Fómhair 1961 – 11 Márta 1965 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 17ú Dáil


An tAire Dlí agus Cirt
11 Deireadh Fómhair 1961 – 8 Deireadh Fómhair 1964
← Oscar TraynorSeán F. Lemass →
Teachta Dála
20 Márta 1957 – 1 Meán Fómhair 1961 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 16ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Scoil Iósaif an Fhionnradharc Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil (–1999) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Eile
CéileMaureen Haughey (1951–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSeán Ó hEochaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaSiobhan Bernadette Haughey (grandniece (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh itax evasion (en) Aistrigh (luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáincharlesjhaughey.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Find a Grave: 14590924 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Cathal Séamas Ó hEochaidh[1] (16 Meán Fómhair, 1925 - 13 Meitheamh 2006) an 6ú Taoiseach na hÉireann ar feadh trí théarma agus an cheathrú cheannaire ar Fhianna Fáil.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Ó hEochaidh i gCathair na Mart, Contae Mhaigh Eo sa bhliain 1925, an tríú páiste de sheachtar ag Sarah McWilliams agus Seán Ó hEochaidh (an bheirt acu ón Suaitreach i nDoire ó dhúchas). Bhí athair Ó hEochaidh in Óglaigh na hÉireann i rith Cogadh na Saoirse, agus ansin in Arm Náisiúnta Saorstát Éireann. Bhog an teaghlach go Contae na Mí sa bhliain 1928, agus ansin go nDomhnach Cearna i mBaile Átha Cliath.

Fuair Ó hEochaidh a oideachas i Meánscoil Naomh Iósaf na mBráithre Críostaí i bhFionnradharc. Le linn a óige, d'imir sé Peil Ghaelach le Parnell C.L.G. i nDomhnach Cearna.

Chuir Ó hEochaidh spéis sa pholaitíocht in UCD.

Chuaigh sé isteach san F.C.A (Fórsa Cosanta Áitiúil) i rith "Ré na Práinne" i 1941. D'fhan sé ann go dtí gur toghadh é go Dáil Éireann sa bhliain 1957.

1977

T.D. agus Aire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Ó hEochaidh Maureen Lemass i 1951. B'iníon í seo le Seán F. Lemass, a bhí ina Thaoiseach ag an am. Toghadh go Dháil é don chéad uair sa bhliain 1957. Atoghadh é i ngach toghchán go dtí 1992 (i mBaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, Baile Átha Cliath Ard Aidhin agus Baile Átha Cliath Thuaidh-Láir).

1990

Bhí ceathrar clainne acu; Emer Mulhern, Seán (Teachta Dála anois), Conor agus Ciarán.

Rinne Ó hEochaidh seirbhís mar

  • an tAire Dlí agus Cirt (1961-1964)
  • an tAire Talmhaíochta (1964-1966)
  • an tAire Airgeadais (1966-1970)
  • an tAire Sláinte agus Leasa Shóisialaigh (1977-1979),

Triail na n-Arm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag deireadh na seascaidí, bhris foréigean amach i dTuaisceart na hÉireann. Bhí Ó hEochaidh ina Aire Dlí i gcaibinéad Sheáin Uí Loingsigh ag an am.[2]

Ní fhacthas Ó hEochaidh mar taobhaitheoir leis an bhfeachtas foréigin ó thuaidh. Mar sin, bhí ionadh ann nuair a sacáladh Ó hEochaidh agus Niall Blaney ón gcaibinéad mar gheall ar líomhaintí gur úsáideadh airgead Stáit le airm a iompórtáil don IRA.

Tógadh an bheirt chun triail in éineacht leis an gCaptaein James Kelly, agus fear gnó ón mBeilg darbh ainm Albert Luykx. Éigiontaíodh an ceathrar agus ceapadh go raibh saol polaitíochta Uí Eochaidh thart. Chaith sé roinnt blianta ar na cúlbhinsí ag iarraidh tacaíocht a ghineadh dó féin ón mbonn aníos.

Príomhalt: Triail na n-arm

Tréimhsí mar Thaoiseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

1987

D'éirí Jack Lynch as mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil sa bhliain 1979. Toghadh Ó hEochaidh i gcomharbacht air nuair a bhuaigh sé comórtas don cheannaireacht i gcoinne Seoirse Ó Colla a bhí ina Thánaiste ag an am. Chaith sé ceithre théarma mar Thaoiseach - (1979-1981; 1982 (Feabhra-Samhain); 1987-1989; 1989-1992).

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nighthawks, 1992

D'éirigh Ó hEochaidh as an bpolaitíocht sa bhliain 1992 mar gheall ar ábhair chonspóideacha a tháinig chun solais. Tharla scannal cúléisteachta agus ní raibh aon rogha ag Ó hEochaidh ach éirí as mar Thaoiseach agus as an bpolaitíocht go hiomlán. Bhí an chonspóid mar chuid lárnach dá shaol (ghnóthaigh sé an leasainm 'The Great Houdini') go háirithe tar éis dó éirí as.

D'ardaíodh roinnt ceisteanna thar na blianta maidir le foinse maoinithe a shaol rachmasach. Tháinig sé chun solais i mBínse Fiosruithe McCracken agus i mBinse Fiosruithe Uí Mhuircheartaigh go raibh ard-chaimiléireacht ar bun ag Ó Eochaidh trí íocaíochtaí neamh-fhógartha a bhfuair sé ó lucht ghnó na tíre a phróiseáil i gcuntais thar sáile, chomh maith le mí-úsáid a bhain sé as cuntas costaisí an Taoisigh.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éag Ó hEochaidh ar an 13 Meitheamh 2006 (le hailse phróstataigh) sa bhliain 2006. Cuireadh é i Reilig Naomh Fionntán i gCill Fhionntáin i dtuaisceart chathair Átha Cliath.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Charles James Haughey as Béarla, nó Charlie Haughey de ghnáth  
  2. John-Paul McCarthy (3 Meitheamh 2020). "Níl aon éalú fós againn ó ‘thriail na n-arm’, Dealy Plaza na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-29.