Jump to content

Charles Dillon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCharles Dillon

Is acadóir Gaeilge as an mBinn Bhorb, Contae Thír Eoghain é Charles Dillon (Charlie uaireanta).[1] Tá sé ina Eagarthóir ar an gclár taighde Foclóir Stairiúil na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann ón mbliain 2016 i leith. Chaith sé seal roimhe sin ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na Banríona, tar éis dó a chéim dochtúireachta a bhaint amach in Ollscoil Uladh. Tá roinnt mhaith taighde foilsithe aige faoi theangeolaíocht, litríocht agus lámhscríbhinní na Nua-Ghaeilge. Bíonn sé le clos ar na meáin Ghaeilge ag caint faoi na hábhair spéise atá aige.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Charles Dillon" (en). Royal Irish Academy. Dáta rochtana: 2025-09-29.
  2. "BBC - Irish - Club Leabhar Blas" (ga). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2025-09-29.