Charles Bianconi (fiontraí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCharles Bianconi

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Meán Fómhair 1786
Costa Masnaga Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Meán Fómhair 1875
88 bliana d'aois
Contae Thiobraid Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaDurlas Cuir in eagar ar Wikidata
Méara Cluain Meala
1831 –
Deputy Lieutenant (en) Aistrigh Cluain Meala
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, déantóir priontaí, díoltóir priontaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Iodáilis

Fiontraí as an Iodáil, a bhunaigh gnóthaí in Éirinn, ab ea Charles Bianconi (24 Meán Fómhair 178622 Meán Fómhair 1875). 'Rí na mBóithre" a tugadh air.[1]

The Creamery, Bunratty; áit stad sa 19ú haois

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sé bliana déag d’aois a bhí Carlo Bianconi nuair a tháinig sé go hÉirinn ina aonar sa bhliain 1802.[2] Ní raibh ach cúpla pingin ina phóca ag Bianconi nuair a shroich sé Baile Átha Cliath. Ach ba bhuachaill aigeanta é. Bhí sé toilteanach tabhairt faoi aon sort oibre. Fuair sé post mar mhangaire pictiúr do fhoilsitheoir éigin cé nách raibh ach cúpla focal Béarla aige.

Bialann "Bianconi" inniu, Ciarraí

Thug sé bliain go leith ag siúl bóithre Dheisceart Éireann ag díol pictiúr. Bhíodh bosca ar a ghualainn aige a mbíodh céad punt meáchain ann go minic agus é ag dul ó dhoras go doras. Shiúladh sé suas le tríocha míle sa lá. Blianta ina dhiaidh sin nuair a chuir duine an cheist air; "Cad a thug i do cheann cóistí a chur ar na bóithre?" – b’é an freagra a thug sé ná "guaillí tinne."

Níos déanaí,bhí siopa ag Bianconi i gCarraig na Siúire agus ceann eile i bPort Láirge, agus gnó eile ar siúl aige i gCluain Meala.

Córas iompar poiblí in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh aon chóras iompair náisiúnta in Éirinn ag an am. Bhí Cóiste an Phoist ag rith idir na bailte móra ach bhí formhór na mbailte gan chóras poiblí taistil ar bith. Agus na cóistí a bhí ag obair idir na bailte móra, bhíodar thar acmhainn an ghnáthdhuine.

Bhí eolas maith ag Bianconi ar na bóithre agus chonacthas dó go raibh géar-ghá le córas iompair éigin orthu. Ar 15 Iúil, 1815, chuir Bianconi cóiste amháin ag obair ar an mbóthar idir Cluain Meala agus an Chathair — deich míle slí. Níor éirigh go rómhaith le Bianconi i dtús. Chuir sé cóiste eile mar dhea ag iomaíocht leis an gcéad cheann agus ba ghearr go rabhadar araon ag déanamh go maith. Faoi 1816 bhí cóistí buí dearga an Iodálaigh ag freastal ar fhormhór na mbailte i dTiobrad Arann. "Bians" a thugaidís orthu.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Morgan John O'Connell (2012-08-31). "Charles Bianconi: A Biography, 1786-1875". 
  2. Barra Ó Donnabháin (irishecho.com) (16 Feabhra 2011). "Maccallai ː Carlo Bianconi 'Rí na mBóithre"". Dáta rochtana: 2021.