Cethairṡlicht Athgabálae
Cineál | téacs ![]() |
---|---|
Príomhábhar | distraint (en) ![]() ![]() |
Is téacs dlí de chuid An Fhéineachais é Ceatharshliocht Athghabhála (Sean-Ghaeilge Cethairṡlicht Athgabálae[1]: xvii ) ina bpléitear tochsal, .i., urghabháil maoine chun fiach a aisghabháil.
Is é an dara dréacht é atá le fáil san Senchas Már.
Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ta dhá lámhscríbhinn ar marthain le téacs beagnach iomlán de Cethairṡlicht Athgabálae, ach amháin an deireadh ar iarraidh: (British Library LS Harley 432 agus CnaT LS 1336). Faightear i roinnt lámhscríbhinní eile idir gluaiseanna agus léargais.[2]: 287
Ábhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Cethairṡlicht Athgabálae an dara dréacht sa cnuasach dlí, an Senchas Már, díreach tar éis an réamhrá.[2]: 286 Meastar de ghnáth gur as deireadh na seachtú haoise nó tús na hochtú é an Senchas Már.[1]: 33
Pléitear athgabál nó tochsal in Cethairṡlicht Athgabálae. Bhíodh córas tochsail láidir san Fhéineachas, a chuir na Sasanaigh faoi bhrú i ndiaidh a n-ionraidh.[3]: 177 Dar le D. A. Binchy, luíonn an córas tochsail Sean-Ghaelach idir gabháil ársa gan srian (.i., gan nós imeachta dlíthiúil) agus córais státrialaithe níos dearanaí (cosúil le Dlí Coiteann).[4]: 22–24 Ceadaítear in Cethairṡlicht Athgabálae ní amháin beostoc ach fosta, go huathúil san Fhéineachas, talamh, daoine agus maoin eile a ghabháil.[3]: 179 Tá srianta ann, mar sin féin, mar shampla, is féidir le féichiúnaí moill a lorg, má tá gnó práinneach aige. De dheasca na gcastachtaí, molltar in Cethairṡlicht Athgabálae go bhfostaí gearánaí dlíodóir, a ghearrfadh mar tháille trian amháin de luach na maoine faoi thochsal.[3]: 179
In Cethairṡlicht Athgabálae, leagtar amach nós imeachta foirmiúil an tochsail:[3]: 178–179
- fógra foirmiúil
- tréimhse moille chun a ligint don fhéichiúnaí a fhiach a aisíoc
- forghéilleadh céimnitheach maoine.
Leagtar amach in Cethairṡlicht Athgabálae cén tochsail ceart is cuí d'aicmí áirithe daoine. Mar shampla, i measc gairmithe, déantar gan mhaith a gcuid uirlisí, agus i measc iad faoi dhaoirse, amhail is sclábhaí, ceadaítear don chreidiúnaí srian a chur lena gcuid gluaiseachta agus bia, go dtí go n-íocann a thiarna an fiach.[3]: 181–182
Dar le Robin Stacey, tá an oiread sin sraitheanna teangan in Cethairṡlicht Athgabálae gur saghas stair an Féineachais atá ann.[5]: 21 Mar shampla, cé nach bhfuil ach ceithre sliocht sa teideal, pléitear cúig cinn sa téacs, mar thoradh na forbartha déanaí de chineál tochsail do mhná. Rinne an tiomsaitheoir den 7ú-haois iarracht é seo a thuiscint, ag tabhairt fiche gluais éagsúla ar an teideal, mícheart gach aon cheann acu.[4]: 28, 57
Tuilleadh le léamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ancient Laws of Ireland. Baile Átha Cliath: Stationery Office. Iml. 1, ll. 65-305 agus Iml. 2, ll. 3-119.8 (eagrán agus aistriúchán Béarla de Cethairṡlicht Athgabálae)
- Binchy, D. A. (1978). "Corpus Iuris Hibernici (6 iml.)". Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 352.2-422.36; 1897.16-1904.16. (eagrán dioplómatúilí).
- Smith, Amy (2010). "A note on Cethairṡlicht Athgabálae". Celtica 26: 161–170.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Eska, Charlene M. (2022). "Lost and Found in Early Irish Law: Aidbred, Heptad 64, and Muirbretha" 36. Leiden / Boston: Brill.
- ↑ 2.0 2.1 Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Kelly, Fergus (1988). "A Guide to Early Irish Law" 3. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
- ↑ 4.0 4.1 Binchy, D. A. (1973). "Distraint in Irish Law". Celtica 10: 22–71.
- ↑ Stacey, Robin Chapman (2007). "Dark Speech: The Performance of Law in Early Ireland". Pennsylvania, PA: University of Pennsylvania Press.