Ceirtín tais


Is éard is ceirtín tais ann, ar a dtugtar tuáille fliuch, tuáille tais, ciarsúr indiúscartha nó ciarsúr linbh freisin (i gcúinsí sonracha) ná píos beag go meánmhéid plaisteach fliuch nó éadach a thagann fillte i bpacáistithe ina aonari ar mhaithe le éascaíocht nó, i gcás dáileoirí, mar rolla mór le cuimlíní aonair ar féidir iad a stróiceadh de. Úsáidtear ceirtíní taise chun críocha glantacháin cosúil le sláinteachas pearsanta agus glanadh tí; is táirge ar leithligh gach ceann acu ag brath ar na ceimiceáin a chuirtear leis agus níl tuáillí glantacháin leighis ná oifige beartaithe le haghaidh sláinteachas craicinn. [1]
Sa bhliain 2013, mar gheall ar dhíolacháin mhéadaithe an táirge i dtíortha saibhre, thuairiscigh Consumer Reports nár éirigh go hiomlán leis na hiarrachtaí na ceirtíní a dhéanamh " insruthlaithe" síos an leithreas, de réir a dtástála. [2]
Aireagán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meastar gurb é Arthur Julius, Meiriceánach, a chruthaigh na ceirtíní fliucha. [3] D'oibrigh Julius sa tionscal cosmaidí agus sa bhliain 1957, choigeartaigh sé meaisín scagtha gallúnaí, ag cur é in áiléar i Manhattan. Chláraigh Julius an t-ainm Wet-Nap mar thrádmharc i 1958, ainm don táirge atá fós in úsáid. Tar éis dó a chúnamh glantacháin láimhe nua a mhionathrú i gcomhar le meicneoir, nocht sé a aireagán ag an National Restaurant Show i Chicago sa bhliain 1960 agus i 1963 thosaigh sé ag díol táirgí Wet-Nap leis an gCoirnéal Harland Sanders le dáileadh ar chustaiméirí Kentucky Fried Chicken . [4]
Táirgeadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Déantar nócha faoin gcéad de na cheirtíní taise atá ar an margadh a tháirgeadh as fabraicí neamhfhite déanta as poileistear nó polapróipiléin. [5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Flushable Wipes Test | Toilet Paper Reviews - Consumer Reports News” (en-US). www.consumerreports.org. Dáta rochtana: 2024-11-18.
- ↑ Atasağun (2020). "Advancement in flushable wipes: Modern technologies and characterization". Journal of Industrial Textiles 49 (6): 722–747. doi:.
- ↑ “When was the Wet-Nap introduced?”.
- ↑ Dixler (17 June 2016). “A Brief History of the Wet-Nap, Barbecue Sauce's Worst Nightmare”.
- ↑ Pajda (7 May 2018). “Did You Know Wet Wipes Are Made with Plastic? This Is Why the UK Wants Them Banned”. One Green Planet. Dáta rochtana: 4 January 2019.