Ceathrar Guildford

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Paul Hill sa bhliain 1994

Ceathrar as Tuaisceart Éireann agus Sasana a fritheadh ciontach go héagórach as ionsaí buamála de chuid an IRA sa bhliain 1974 ab ea an Ceathrar Guildford, mar a bhí na meáin á thabhairt orthu.

Scéimhlitheoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 5 Deireadh Fómhair 1974, phléasc dhá bhuama ag an Horse and Groom agus an Seven Stars, dhá theach tábhairne sa bhaile Sasanach Guildford, Surrey, ina raibh baill d'Arm na Breataine ann go rialta. Maraíodh ceathrar saighdiúirí sna déaga agus sibhialtach[1], agus gortaíodh 57 eile, cuid acu go dona[2]. Tamall gearr i ndiaidh an uafáis phléasc buama i dtábhairne eile sa chomharsanacht inar gortaíodh ochtar. Coicís ina dhiaidh sin maraíodh beirt shaighdiúirí in ionsaí buamála in Woolwich. Ba iad na hionsaithe sin an chéad racht d’fheachtas buamála de chuid Shealadaigh an IRA i Sasana.

Triail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an-bhrú curtha ar na bpóilíní teacht ar na daoine a bhí ciontach as gan mhoill, I mí na Nollag 1974, gabhadh ceathrar daoine óga, mar atá Gerry Conlon, Paul Hill, Patrick Armstrong agus Carole Richardson.

An t-abhcóide Michael Mansfield ag tabhairt óráide in ómós do Gerry Conlon.

Ciontaíodh iad, agus gearradh príosún saoil orthu. Chaitheadar cúig bliana déag faoi ghlas, cé nach raibh baint ar bith ag duine acu leis an ionsaí.

Éagóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhág na cúisimh lochtacha, faoistin le héigean, bréag-chuntais ar agallaimh agus eolaíocht fhóiréinseach easnamhach nach bhfuair na híobartaigh an ceart ariamh. Tharraing an eachtra aird na cruinne i ngeall ar an iomrall ceartais a lean é.

Scaoileadh an Ceathrar Guildford amach ar an 19 Deireadh Fómhair 1989.

Ar 21 Aibreán 1994, d'éirigh le hachomharc Paul Hill, duine den Ceathrar Guildford, maidir le dúnmharú Brian Shaw, saighdiúir i dTuaisceart Éireann.[3] Cuireadh an ciontú ar neamhní faoi dheireadh. Ach níor chreid deartháir Shaw (Malcolm Shaw) scéal Paul Hill.[4]

IRA[cuir in eagar | athraigh foinse]

North Street Guildford, áit a raibh an Horse and Groom

Níor ciontaíodh aon duine a bhí freagrach. Níl aon cheist ach gurbh é an IRA Sealadach a mharaigh agus a ghortaigh iad, arsa an Cróinéir.

D’admhaigh daoine as an mbuíon ón IRA ar tugadh an ‘Balcombe Street gang’ orthu gurbh iadsan a bhí ciontach as na hionsaithe in Guildford agus Woolwich. Ach diúltaíodh glacadh lena n-admháil mar go mbainfeadh sin an bonn den phianbhreith a bhí curtha ar na daoine a bhí i bpríosún; níor cúisíodh iad i dtaca le Guildford ná Woolwich.

Drámú agus leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an scannán In the Name of the Father amach sa bhliain 2002, le Jim Sheridan agus Daniel Day-Lewis.[5]

Swan Lane Guildford, áit a raibh an Seven Seas

Scríobh Richard O’Rawe In the Name of the Son, beathaisnéis faoi Conlon. Tráchtann aisteoir Hollywood Johnny Depp sa leabhar ar thuras bóthair a thug sé go dtí Corca Dhuibhne in éineacht le Gerry Conlon.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ba iad sin Caroline Slater, 18, William Forsyth 18, John Hunter 17 agus Ann Hamilton, 19 agus sibhialtach a bhí ina shuí in aice leo, plástrálaí Paul Craig, 22.
  2. http://www.irishtimes.com/culture/treibh/cuimhne-chr%C3%A1ite-conlon-1.1843497
  3. "BBC News | NORTHERN IRELAND | Guildford Four man meets victim's brother". news.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2019-04-21.
  4. "Twenty years of pain for IRA victim's family" (en). UPI. Dáta rochtana: 2019-04-21.
  5. "In the Name of the Father (film)" (in en) (2019-04-10). Wikipedia. 
  6. "‘Who wouldn’t want to go to a place called Dingle to see a dolphin called Fungie?’ arsa Johnny Depp" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-21.