Ceathrú Aodha Dhuibh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCeathrú Aodha Dhuibh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°30′32″N 5°52′19″W / 54.509°N 5.872°W / 54.509; -5.872
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae an Dúin Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT8 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1416629

Is baile mór i gContae an Dúin í Ceathrú Aodha Dhuibh[1] (nó Carryduff i mBéarla) atá suite ar imeall Bhéal Feirste, timpeall sé mhíle ó lár na cathrach. Le tríocha bliain nó mar sin anuas, deirtear gur ceann de na háiteanna is fearr é le dul chun cónaithe ann i dTuaisceart Éireann, cionn is go bhfuil tithe móra ann agus nach bhfuil mórán fadhbanna pobail idir Caitlicigh is Protastúnaigh sa cheantar, ós pobal measctha é. Tá an baile suite cóngarach d'Ionad Siopadóireachta Cois Coille (trí mhíle), agus ní gá ach turas bus gairid a thógáil (ar feadh fiche bomaite) le Béal Feirste lárnach a bhaint amach.

Tá timpeallán i lár an bhaile, mar a bhfuil ceangal idir an bóthar A7 (go Dún Pádraig) agus an A24 (go dtí An Caisleán Nua agus Cill Chaoil). D'fhás sráidbhaile san áit den chéad uair mar ba ansin a thagadh sé bhóthar le chéile ag Abhainn Cheathrú Aodha Duibh. (Níl an abhainn inseolta agus, go deimhin, téann sí trí chuid den bhaile i bpíopaí faoi thalamh.) Tá an otharlann is cóngaraí le fáil i mBéal Feirste. Mar sin féin, tá ionad sláinte Chnoc Bhreacáin suite míle go leith taobh amuigh den bhaile.

Tá tuilleadh eolais, léarscáil san áireamh, le fáil ag Neighbourhood Information Service

  1. Ceathrú Aodha Dhuibh/Carryduff | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.