Jump to content

Cathair Mhic Neachtain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathair Mhic Neachtain
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálSuíomh seandálaíochta Cuir in eagar ar Wikidata

Is ráth é Cathair Mhic Neachtain suite taobh ó dheas de Bhaile Uí Bheacháin sa Bhoirinn i gContae an Chláir. Sa ráth féin, nó i bhfoirgneamh lámh leis, bhíodh scoil dlí mór le rá Uí Dhuibhdábhoireann.[1] Is Séadchomhartha Náisiúnta na hÉireann é an ráth.

Tá an ráth suite gar de bhóthar idir na sráidbhailte Baile Uí Bheacháin agus Cill Fhionnúrach, é i mbaile fearainn Chathair Mhic Neachtain i bparóiste sibhialta Ráth Boirne.

Ba bhreithem ó oidhreacht Uí Lochlainn (a dúradh gur "Ríthe Bhoirne" sa mheánaois iad) í clann Uí Dhuibhdábhoireann. Tá fianaise scríofa ar an gclann a théann siar go dtí an bhliain 1364 ar a laghadh.[2]

Cé gur measadh le tamall fada anuas go raibh an scoil suite laistigh den ráth féin, moltar anois go bhfuarthas í i bhfoirgneamh eile 870 m siar ó dheas, dath ainm Cabhail Tighe Breac. Is dócha go raibh foirgneamh cónaithe lasistigh den rath ag an am. Ba é seo ceann-áit Uí Dhuibhdábhoireann.[3]:139–41

Bhíodh daoine cónaithe sa ráth go dtí an 17ú haois ar a laghad. Tá gníomhas ann as an mbliain 1606 a leagan amach roinnt réadmhaoine idir dhá oidhre den chlann.[3]:139–41

Ta an caiseal 30 méadar ar trastomhas. Tá an urlár laistigh níos airde ná an talamh lasmuigh, is dócha de bharr smionagair bailithe I gcaitheamh ama. Taobh istigh tá cúig fhoirgneamh dhronuilleogacha déanta as cloch.[3]:139–41

Tá teach geata neamhghnách ann, le dhá stór den 15ú haois. Cé nach bhfuil ann anois ach fothrach, tá an dís ar marthain cur síos agus pictiúirí den 19ú agus luath-20ú haoiseanna.[3]:141

Sa ghleann cúng 3 km ar fad, ag dul thoir ó thuaidh go dtí siar ó dheas, faightear ar a laghad ceithre chaiseal eile, go leor banrach agus ballaí éagsúla, le pobal mhór ann.[3]:139–41

Rinne seandálaithe fiosrú ar an scoil dlí sa bhliain 2007. Is teach le stór amháin é le trí sheomra agus lochta, tógtha is dócha sa 16ú haois. Fuarthas ann le déanaí píosa scláta le litir amháin scríofa air, fianaise bheag b'fhéidir gur scoil go domhain a bhí ann.[3]:141

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. D. Blair Gibson (27ú Lúnasa 2012). "From Chiefdom to State in Early Ireland": 244–5. Cambridge University Press.
  2. Annála Chonnacht 1364.8: Gilla na Naem h. Duib da Borenn ollam Corcumruadh re brethemnus do ec in hoc annao
  3. 1 2 3 4 5 6 Carthy, Hugh (2011). "Burren Archaeology". The Collins Press.