Jump to content

Cath Sulchóid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cath Sulchuait)
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Sulchóid
Cineálcath
Dáta968 (Féilire Ghréagóra)
ÁitContae Thiobraid Árann
RannpháirtitheDál gCais

Troideadh Cath Sulchóid sa bhliain 968 idir Dhál gCais faoi cheannas Brian Ború, agus Gall-Ghaeil Luimnigh, faoi cheannas Ímar Luimnigh. Bua a bhí ann do Dhál gCais ag Sulchóid, a chuir deireadh le fairsingiú na Lochlannach in Éirinn. Is é an chéad cheann de thrí chath é freisin a tharraingíonn aird ar chaithréim Bhrian Ború. Tharla an cath le linn feachtais mhíleata faoi cheannas Ímar Luimnigh isteach i gcríoch Dhál gCais. Tar éis an chatha do ghabh agus do loisc Dál gCais daingean Lochlannach Luimnigh.

"Maidm for Gullu Luimnich re Mathgamain m. Cennetich oc Sulchuait, & loscud Lumnich dó ría medón laí arna bárach."

Annála Inis Faithlinn s.a. 967.2[1]

Maidhm ar Ghaill Luimnigh le Mathgamain mac Cennetich ag Sulchóid, ⁊ loscadh Luimnigh aige roimh meán-lae arna mhárach.[nóta 1]

"Mathgamain m. Cennetigh, ri Caissil, do arcain Luimnigh & dia loscadh."

Annála Uladh s.a. 967.5[2]

Mathgamain mac Cennetigh, rí Chaisil, do arg Luimnigh ⁊ do loisc.[nóta 1]

Ní thugann sna hannálacha ach an tuairisc ghairid thuas ar chath agus ar chreachadh Luimnigh an lá dár gcionn. Tá an t-aon chuntas leathnaithe ar an gcath, lena n-áirítear cúlra, tionóil, agus iarmhairt, le fáil in Cogad Gáedel re Gallaib a bhfuil conspóid ag baint leis.

I gCultúr Coitianta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cath Sulchóid is ábhar don amhrán "Born for War (The Rise of Brian Boru)", leis an mbanna miotail tíre Éireannach Cruachan.

  1. "Annals of Inisfallen". celt.ucc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-26.
  2. "The Annals of Ulster". celt.ucc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-26.
  1. 1.0 1.1 Arna aistriú ag an Uicipéid