Jump to content

Cath Chúil an tSúdaire,’ 1905-6

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCath Chúil an tSúdaire,’ 1905-6
An séipéal Caitliceach, Cúil an tSúdaire

Sa bhliain 1905 i gContae Laois, tháinig lucht Chonradh na Gaeilge i gCúil an tSúdaire in adharca leis an gcléir ar an mbaile, de bharr cinneadh ranganna Gaeilge a chur ar bun d’fhir agus mná. Tugadh 'Cath Chúil an tSúdaire’ ar na heachtraí.

Ba choimhlint idé-eolaíoch an t-achrann thar aon rud eile.[1]

Bhí bunús an Chonartha i gCúil an tSúdaire le fáil sna feiseanna a tionóladh ann in 1904 agus 1905, rud a spreag bunú Chraobh Ruairí Uí Mhórdha i mí na Bealtaine 1905. Nuair a bunaíodh an chraobh an chéad lá, bhí fir agus mná i láthair, agus thug beirt sagart, an tAthair O’Leary agus an tAthair Brophy, a dtacaíocht.

Ina dhiaidh sin, agus de bharr gur meascadh na fir agus na mná sna ranganna Gaeilge, thosaigh an chléir ag cáineadh na craoibhe, agus bhí sé deacair ar an gcraobh suíomh do na ranganna agus dá gcuid cruinnithe a aimsiú ar an mbaile. Ach d’éirigh leo áit fheiliúnach a aimsiú sa deireadh agus tionóladh ranganna trí oíche sa tseachtain – ba mhná agus leanaí den chuid is mó a d’fhreastail orthu. Briseadh an tAthair O’Leary as an gcraobh go luath ina dhiaidh sin, agus tháinig tuilleadh cáinte ó altóirí na n-eaglaisí áitiúla.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Kerron Ó Luain – An Páipéar, Eagrán #15 (2025-02-07). "Seasann an Conradh an fód i gcoinne na cléire: ‘Cath Chúil an tSúdaire’ 1905-6" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-02-08.