Jump to content

Cath Almhaine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cath Almaine)

Scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe is ea Cath AlmhaineCath Alúine (MeánGhaeilge: Cath Almaine). Insítear conas ar cloíodh muintir Uí Néill ag na Laighin sa chath is fíochmhaire ar tharla i nÉirinn go nuige sin.[1]

Tháinig Fearghal mac Maoil Dúin (rí Leath Choinn / Ailigh) in éineacht le Donn Bó chun an bóramha a bhaint de Laighin, acu thug a fhir eolais ámh ar strae é, go Cluain Dobhail[2] i nAlmhain. Thug siad drochíde don chill agus do chlamh (lobhar) ann, iad uile seachas Cú Bhreatan mac Aonghusa, rí Fear Rois. D'iarr Fearghal ansin ar Dhonn Bó ceol a sheinm dó ach dhiúltaigh sé. Sheinn ua Maighlinne ina ionad.

Tháinig Uí Néill agus na Laighin ansin in aghaidh a chéile agus tugadh eatarthu an cath is fíochmhaire a tharla in Éirinn riamh. Mharaigh Fearghas ag Aodh, rí dheisceart Laighean. Thit freisin Donn Bó agus gabhadh ua Maighlinne, ach ligeadh a bheo le Cú Bhreatan.

D'iarr Murchadh mac Brain, rí Laighean, ar duine dá shlua dul amach agus ceann a thabhairt chuige ó pháirc an áir. Chuaigh Baothghalach agus fuair sé ceann Dhonn Bó, a cuireadh ar cuaille. Rinne sé ceol chomh bhinn sin go raibh an slua uile ag caoineadh. Fuair Baothghalach ansin corp Dhonn Bó agus chuir sé le chéile chun tuar Cholm Cille a chomhlíonadh.

Tharla an Cath i ngan fhios do Cathal mac Finguine (rí Leath Mhogha / na Mumhan). Rinne na Laighin comhairle chun ceann Fhearghail a thabhairt dó, agus rinne Cathal é a adhlacadh. Bhronn Cathal ansin ceannas Uí Néill ar Fhlaitheartach mac Aodha.

Sa deireadh, tharla caith eile idir Chathal agus na Laigin. Fuair Cathal an lámh in uachtar ag Cath Éile.

Lámhscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an scéal le fáil sna lámhscríbhinní a leanas:[3][4]

Déantar trácht ar Chath Almhaine, pearsana agus imeachtaí, i nAnnála na gCeithre Máistrí, Annála Uladh agus Annála Inis Faithlinn.[5]

Eagráin agus aistriúchán

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Ó Donnabháin, Seán (1860). "Annals of Ireland: Three Fragments": 32-51. Baile Átha Cliath: The Irish Archaeological and Celtic Society. 
  • Ó Floinn, Tomás (1956). "Scéalaíocht na Ríthe": 211-220. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill. 
  • Ó Comhraí, Eoghan (1873). "On the Manners and Customs of the Ancient Irish, Iml. 2, 3": 389-391. Londain: Williams and Norgate. 

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Cath Almaine". Irish Sagas Online. Dáta rochtana: 22-04-2026.
  2. "Dobail". dil.ie. Dáta rochtana: 23-04-2026.
  3. "Cath Almaine - Online sources". Irish Sagas Online. Dáta rochtana: 22-04-2026.
  4. "Cath Almaine". MsOmit17, CELT. Dáta rochtana: 22-04-2026.
  5. "Cath Almaine - Background". Irish Sagas Online. Dáta rochtana: 22-04-2026.