Carbón-12

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is é Carbón-12 ( 12 C) an ceann is flúirsí de dhá iseatóp chobhsaí an charbóin (is é carbón-13 an ceann eile), arb ionann é agus 98.93% den dúil carbón; [1] a raidhse mar gheall ar an bpróiseas trí-alfa trína gcruthaítear sna réaltaí é. Tá tábhacht ar leith ag Carbón-12, toisc gur úsáidtear mar chaighdeán é óna dtomhaistear maiseanna adamhacha na núiclídí go léir : is ionann mais aon núicléis amháin den chineál seo agus dhá dhaltún déag (is é an daltún aonad na maise adamhaí). Tá adamh an iseatóip seo comhdhéanta as sé phrótón, sé neodrón agus sé leictreon.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh 1959, d’úsáid Aontas Idirnáisiúnta na Glancheimice agus na Ceimice Feidhmí (AIGCF) agus Aontas Idirnáisiúnta na Glanfhisice agus na Fisice Feidhmí (AIGFF) ocsaigin chun an mhóil a shainmhíniú; bhí an mól sainithe ag na ceimiceoirí mar líon na n-adamh ocsaigine a raibh mais 16 g acu, na fisiceoirí ag úsáid sainmhínithe comhchosúla ach leis an iseatóp ocsaigin-16 amháin. Chomhaontaigh an dá eagraíocht i 1959/60 an mól a shainiú mar a leanas.

Is é an mól méid na substainte i gcóras ina bhfuil an oiread aonad bunúsach agus atá in dhá ghram déag de charbóin-12; Is é an tsiombail cheimiceach atá aige ná "mól".

Ghlac an CIMT (An Coiste Idirnáisiúnta um Meáchain agus um Thomhais) leis seo i 1967, agus i 1971, ghlac an 14ú CGMT (Comhdháil Ghinearálta um Meáchain agus um Thomhais) leis.

Sa bhliain 1961, roghnaíodh an t-iseatóp carbón-12 chun teacht in áit na hocsaigine mar an caighdeán lena ndéantar meáchain adamhacha na ndúl eile go léir a thomhas.[2]


Sa bhliain 1980, shoiléirigh an CIMT an sainmhíniú thuas, ag sainiú go bhfuil na hadaimh charbóin-12 neamhcheangailte agus ina mbunstaid.

Sa bhliain 2081, shonraigh AIGCF an mól mar 6.022 140 76 × 1023 “aonáin bhunaidh”. Ón uair sin, b'ábhar cinnidh thurgnamhaigh, líon na mól i 12 ghram de charbóin-12

Staid Hoyle[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is staid fhlosctha, neamhghuairneach, athshondach de charbón-12 é Staid Hoyle. Táirgtear é tríd an bpróiseas trí-alfa, thuar Fred Hoyle a beithsine sa bhliain 1954.[3] Tá staid athshondais 7.7 MeV Hoyle riachtanach do núicléisintéis charbóin i bhfathachréaltaí dearga héiliamdhó, agus tuarann sé méid táirgeachta carbóin i dtimpeallacht réaltach a bhíonn ag teacht le grinnithe. Deimhníodh go turgnamhach go bhfuil staid Hoyle ann, ach tá a airíonna beachta fós á n-imscrúdú. [4]

Bíonn staid Hoyle pobalaithe nuair a thagann núicléas héiliam-4 agus núicléas beirilliam-8 le chéile, i dtimpeallacht ardteochta (108 K) le héiliam dlúthtiubhaithe (105 g/cm3). Caithfidh an próiseas seo tarlú laistigh de 10−16 soicind mar thoradh ar leathré ghearr 8Be. Is athshondas gearr-saoil é staid Hoyle freisin le leathré 2.4 × 10−16 soicind; meathann sé ar ais go príomha ina thrí chomhábhar alfa-cháithnín, cé go dtarlaíonn 0.0413 (11)% den mheatha trí thiontuithe inmheánach go an bunstaid 12C.[5]

Sa bhliain 2011, fuair ríomh ab initio de staideanna ísle charbóin-12 (i dteannta leis an bhunstaid agus an staid flosctha guairne-2) le fios go raibh athshondas bainteach le hairíonna uile na staide Hoyle.

Íonú iseatópach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir iseatóip charbóin a dheighilt i bhfoirm gáis dhé-ocsaíd charbóin trí imoibrithe mhalairte cheimiceacha chascáideacha le carbamáit aimín.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Table of Isotopic Masses and Natural Abundances. https://www.chem.ualberta.ca/~massspec/atomic_mass_abund.pdf
  2. "Atomic Weights and the International Committee — A Historical Review.http://publications.iupac.org/ci/2004/2601/1_holden.html
  3. Hoyle, F. (1954). "On Nuclear Reactions Occurring in Very Hot Stars. I. the Synthesis of Elements from Carbon to Nickel.". The Astrophysical Journal Supplement Series 1. doi:10.1086/190005. ISSN 0067-0049. Bibcode1954ApJS....1..121H. 
  4. "Structure of the Hoyle State in C12" (2007). Physical Review Letters 98 (3): 032501. doi:10.1103/PhysRevLett.98.032501. PMID 17358679. Bibcode2007PhRvL..98c2501C. 
  5. "Measurement of the radiative branching ratio for the Hoyle state using cascade gamma decays" (2013). EPJ Web of Conferences 63: 01022–1—01022–4. doi:10.1051/epjconf/20136301022. 
  6. Kenji Takeshita and Masaru Ishidaa (December 2006). "Optimum design of multi-stage isotope separation process by exergy analysis". ECOS 2004 - 17th International Conference on Efficiency, Costs, Optimization, Simulation, and Environmental Impact of Energy on Process Systems 31 (15): 3097–3107. doi:10.1016/j.energy.2006.04.002.