Jump to content

Cara (iris)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánCara

Seastán Chara, Gŵyl Cerdd Dant [cy] 2025
Cineálirisleabhar agus gnólacht i seilbh bhan
Cárta innéacs
Teangaan Bhreatnais
Am tosaigh2019 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Eatramh foilsitheTrianbhliantán
SeánraIris stíl mhaireachtála
EagarthóirMeinir Wyn Edwards Cuir in eagar ar Wikidata
Formáid dáilteI gcló ⁊ le n-íoslódáil

Suíomhcara.cymru Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: cylchgrawncara X: cylchgrawncara Instagram: cylchgrawncara Cuir in eagar ar Wikidata

Is iris chlóite í Cara faoi mhná agus ó mhná na Breataine Bige. Is iris 72 leathanach í[1] agus bíonn idir ailt dhian agus éadroma uirthi ó cholúnaithe agus scríbhneoirí rialta, ag plé le hábhair ar nós cúrsaí sláinte, laethanta saoire, taisteal, cúrsaí reatha, faisean, smideadh, bia, ceardaíocht, ailtireacht foirgneamh íocónach, na healaíona, mná i mbun gnó, mná ina gcónaí thar lear, mná sa stair agus araile.[2]

Foilsíonn Cara 3 eagrán sa bhliain, i mí an Mhárta, i mí Iúil agus i mí na Samhna. Is iad Meinir Wyn Edwards [cy] agus a hiníon Efa a bhunaigh í sa bhliain 2019. Oibríonn Meinir leis Y Lolfa [cy] agus oibríonn Efa mar aistritheoir ó bhí 2014 ann.[3] Tá oifig na cuideachta suite i Llandre, in aice le hAberystwyth.

Aonach Bhealtaine Chara 2025

Bíonn aonach Bhealtaine Chara ar siúl gach bliain sa Bhandstand in Aberystwyth.

Leabhair arna bhfoilsiú ag Cara

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Adref: cyfrol o straeon byrion ("Aige Baile: imleabhar gearrscéalta") – Samhain 2020[4]
  • Menopositif: Cara dy hun drwy’r Newid Mawr ("Meanapásitive: Tabhair Grá duit féin tríd an Athrú Mór") – Deireadh Fómhair 2023[4][5]
  • Man Draw: Casgliad o Straeon Taith ("Fear a Mhealladh: Bailiúchán de Scéalta Taistil") – Meán Fómhair 2025
  1. Cara - Bywgraffiad”. AM. Dáta rochtana: 7 Mawrth 2025.
  2. Catalog_Cylchgronau_2019 (cy). Dáta rochtana: 8 Mawrth 2025.
  3. Meinir Wyn Edwards: Bywgraffiad a Llyfryddiaeth | Y Lolfa”. www.ylolfa.com. Dáta rochtana: 7 Mawrth 2025.
  4. 1 2 Cylchgrawn Cara”. Ffenest Siop. Dáta rochtana: 7 Mawrth 2025.
  5. Diwrnod o fwynhau mewn Ffair Fai (cy). BroAber360 (15 Ebrill 2025). Dáta rochtana: 8 Mawrth 2025.