Kevin Danaher
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 30 Eanáir 1913 Áth an tSléibhe, Éire |
| Bás | 14 Márta 2002 89 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | staraí |
| Fostóir | Ollscoil Uppsala |
Béaloideasóir as Contae Luimnigh ba ea Caoimhín Ó Danachair nó Kevin Danaher (30 Eanáir 1913 – 14 Márta 2002).[1] Duine de na béaloideasóirí is tábhachtachtaí inár dtraidisiún ba ea é. D’fhoilsigh sé mórán leabhar agus alt le linn a shaoil acadúil. agus a shaothar fós ríthábhachtach do thaighdeoirí agus scoláirí inniu.[2]
Le linn a shaoil mar bhailitheoir, thóg sé os cionn 20,000 pictiúr. Theastaigh ó Danaher go mbeadh na tréithe feiceálacha sa traidisiún caomhnaithe go maith aige, go mbeadh léaráidí agus pictiúir ar coimeád i dteannta an bhailiúcháin scríofa agus go gcuirfí le hábhair mhúinteoireachta sa Bhéaloideas. Leis an 20,000+ íomhá a ghlac sé le linn dó 50 bliain a chaitheamh ar obair pháirce, ar thaighde, agus le léachtóireacht agus craoltóireacht in Éirinn agus thar lear, d’fhéadfaí a áiteamh go bhfuil níos mó déanta ag Danaher i leith taifeadta agus anailíse ar chultúr ábhartha na hÉireann ná aon scoláire eile sna réimsí seo.[3]

Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Danaher in Áth an tSléibhe i gContae Luimnigh in 1913. Bhí ceathrar mac ag Liam Danaher, múinteoir (agus Gaeilge aige), agus Margaret Ryan. Bhí sé ar scoil in Áth an tSléibhe agus i gColáiste Mhungairit sula ndeachaigh sé a dhéanamh staidéir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Rinne sé seandálaíocht, Gaeilge agus Laidin don BA, ag baint céim amach in 1936/1937.[4]
Bhí scil faoi leith aige leis an ngrianghrafadóireacht.[5] Thosaigh Danaher ag baint leas as na scileanna a bhí aige sa ghriangrafadóireacht chomh luath le 1935, nuair a thiomsaigh sé taifead físúil den sráidbhaile ársa i Ráth Naoi, Co. Chill Mhantáin, agus d’fhoilsigh sé cuntas gairid dá ghrinnscrúdú ar leagan amach an tsráidbhaile agus déantús na dtithe i mBéaloideas, iris bhliantúil an Chumainn le Béaloideas Éireann.
I 1935, nuair a bhí sé fós ina mhac léinn, mhol bainisteoir Árd-Mhúsaem na hÉireann, Adolf Mahr, go rachadh Danaher in éineacht leis an eitneolaí aitheanta Sualannach Åke Campbell ar thuras páirce go Gaillimh agus Maigh Eo. Chuir an Coimisiún cuireadh chuig Campbell agus Sualannach eile, Albert Nilsson, obair pháirce a dhéanamh in Éirinn samhradh na bliana sin. Cuid de straitéis an Choimisiúin a bhí i gceist leis seo, le hoiliúint a chur ar bhaill foirne an Choimisiúin sna modhanna a bhí forbartha ag béaloideasóirí Sualannacha don obair pháirce, cartlannaíocht agus rangúchán. Bhí tionchar mór aige seo ar ghairmréim Chaoimhín, a dhírigh mórchuid dá thaighde ar an ailtireacht dhúchasach, ábhar a raibh Campbell ina scothscoláire ann.
Bhuaigh Danaher scoláireacht Humboldt chun staidéar a dhéanamh ar an mbéaloideas chomparáideach agus ar an eitneolaíocht in ollscoileanna Bheirlín (Ollscoil Humboldt) agus Leipzig idir 1937 agus 1939.
Chuaigh sé ag obair i gCoimisiún Béaloideasa Éireann in Eanáir 1940; ceapadh é mar ‘shaineolaí ar an gcultúr ábhartha’.
Faoi Bhealtaine na bliana sin bhí sé in Arm na hÉireann agus chaith sé an chéad cúig bliana eile mar theagascóir airtléire i nBeairic an Churraigh. Rinne captaen de ar ball. In 1945 bhí a thráchtas máistir (MA san Ailtireacht Dhúchasach) ar chineáil na dtithe tuaithe déanta aige.
Coimisiún Béaloideasa Éireann, 1940-1985
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh sé thar n-ais chun oibre leis an gCoimisiún in 1946. Ón tráth sin chuir sé tús le clár de dhianbhailiú páirce agus grianghrafadóireachta a thóg chuig go leor ceantar in Éirinn é, ag bailiú ó chainteoirí, amhránaithe agus ceoltóirí, go háirithe i gceantair Ghaeltachta in iarthar agus i ndeisceart na tíre.[3]
Chaith sé cúpla mí in 1947 in institiúidí léinn agus béaloidis na dtíortha Lochlannacha.
In 1948 thug Danaher cuairt ar Oileán Mhanann, áit ar thaifead sé na cainteoirí dúchais Mhanainnise deireanacha don Choimisiún Béaloideasa. Is as geallúint a thug Éamonn de Valera nuair bhí sé ar cuairt san Oileán an bhliain roimhe sin a d’fhorbair an tionscadal seo agus chuir Danaher síos air in agallamh atá le fáil ar shuíomh Mhúsaem Oileán Mhanann. Labhair sé mar gheall ar an tábhacht a bhain leis na taifid chomh maith leis na daoine áitiúla a chabhraigh leis ann.

Chaith Danaher na ceithre bliana dár gcionn (1948-1952) ag taifeadadh scéalaithe, fonnadóirí agus ceoltóirí ar fud na hÉireann; ba é a rinne an t-aon taifead amháin atá ann de phíobaireacht Johnny Doran, agus bhí Peig Sayers i measc na scéalaithe a rinne sé a thaifeadadh.
Bhí sé ina aoiléachtóir le teanga, litríocht agus traidisiúin na Gaeilge in Uppsala ar feadh 1952-53; ba é an chéad mhúinteoir Gaeilge ag Bo Almqvist é.
Nuair a chuaigh an Coimisiún Béaloideasa isteach i Roinn an Bhéaloideas, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, in 1971, thosaigh Danaher a shaol mar léachtóir agus lean sé air go dtí 1985 nuair a chuaigh sé ar scor. Bíonn leabhair agus ailt le Caoimhín Ó Danachair ar gach liosta léitheoireachta a bhaineann le béaloideas agus traidisiúin na hÉireann fós.
Bua na teicneolaíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí bua na teicneolaíochta ag Danaher agus bhí sé an-tógtha leis an ngriangrafadóireacht. Mhínigh sé go beacht an chuspóir a bhain le “corpas d’amharcábhar” a chruthú i gcomhthéacs obair an Choimisiúin. Grianghraif a bhí i gceist leis an amharcábhar ar an gcéad dul síos, ach léaráidí agus meán cineamatragrafach a bhí i gceist chomh maith. D’aithin sé go raibh tábhacht ar leith le tréshoilseáin scannánaíochta mar mheán le gnéithe dúchasacha agus portráidí de dhaoine a ghlacadh. Tá mórchuid den 20,000+ grianghraf a ghlac sé ina gclaonchlónna dubha agus bána, cuid mhaith díobh le feiscint anois ar www.duchas.ie.
Tugann siad an-eolas dúinn ar na tithe traidisiúnta, an ailtireacht dhúchasach chomh maith leis na daoine iad féin agus an saghas saoil a bhí ann. Gné shainiúil amháin den bhailiúchán a d’fhág sé againn ná an spéis sheasamhach a bhí aige san ailtireacht dhúchasach. Glacadh an-chuid de na grianghraif seo nuair a bhí seanfhoirmeacha dúchasacha fós le feiceáil — ón teach mór ceanntuí a bhíodh ag an bhfeirmeoir téagartha go dtí an bothán scóir, an teach fíorbheag d’aon seomra amháin a bhíodh ag an oibrí feirme.
Rinne sé grinnthaifead ar sheanmhodhanna ársa tógála — ar nós tithe a bhí tógtha leath-faoi-thalamh nó déanta de bhallaí fóid. Rinne sé iarracht chomh maith íomhánna a ghlacadh de sheanmhodhanna feirmeoireachta agus ceardaíochta dúchasaí, cosúil lena shraith theagascúil de Nicholas Hilliard, déantóir ciseán, agus é ag cruthú ciseán de mheascán d’adhmad scoilte agus slait shailí i 1950; an potadóir clúiteach Paddy Murphy ó Dhroichead Carley, Co. Loch Garman i mbun oibre i 1947; nó an tsraith álainn íomhánna de bhean as Dún Chaoin ag déanamh císte aráin, sraith a glacadh sa bhliain chéanna.[3]
Oidhreacht agus bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhronn Ollscoil na hÉireann D. Litt ar Danaher in 1974. D’éag sé 14 Márta 2002 agus cuireadh é i Reilig Naomh Fionntan, Cill Fhionntain, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí sé pósta ar Anna Ryan ón nGallbhaile, Co. Luimnigh, agus bhí beirt mhac acu.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ábhar a bhaineann le Danaher ar fáil ar shuíomh gréasáin Dúchas anseo[4] Is féidir teacht ar bhreis is 3,000 grianghraf dá chuid ar www.dúchas.ie.
Rogha leabhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- In Ireland Long Ago (1962)[6][7]
- Gentle places and simple things: Irish customs and beliefs (1964)[8][9]
- Irish country people (1966)[10]
- Folktales of the Irish Countryside (1967)[11][12]
- The pleasant land of Ireland (1970) (arb é atá ann téacs na gclár teilifíse The Hearth and Stool and All)[13][14]
- The year in Ireland (1972)[15]
- Ireland’s vernacular architecture (1975) (eagrán nua is ea Ireland’s Traditional Houses [1991])[16]
- That’s how it was (1984)
- The Children’s Book Of Irish Folktales (1984, 2018)[17][18][19]
- Irish Country Houses (1985)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "DANAHER, Kevin (1913–2002)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2025-10-04.
- ↑ Aoife Granville (2025-10-03). "Caoimhín Ó Danachair, béaloideasóir agus bailitheoir, 1913-2002" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-10-04.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 duchas.ie. "Caoimhín Ó Danachair (1913 - 2002)". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ 4.0 4.1 "Caoimhín Ó Danachair · Daoine" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2025-10-04.
- ↑ Bhí dúil ag a athair, William Danaher, sa ghrianghrafadóireacht chomh maith, agus chuir seisean bailiúchán iontach d’íomhánna ar phlátaí gloine le chéile den saol ar fheirm teaghlaigh i Ráth Caola idir na blianta 1904-1932.
- ↑ "In Ireland Long Ago by Kevin Danaher" (en). Mercier Press (2024-02-19). Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ "Goodreads" (en). Goodreads. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ "Goodreads" (en). Goodreads. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ ThriftBooks. "Gentle Places and Simple Things: Irish... book by Kevin Danaher" (en). ThriftBooks. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ ThriftBooks. "Irish Country People book by Kevin Danaher" (en). ThriftBooks. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ "Goodreads" (en). Goodreads. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ ThriftBooks. "Folktales of the Irish Countryside book by Kevin Danaher" (en). ThriftBooks. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ ThriftBooks. "Pleasant land of Ireland book by Kevin Danaher" (en). ThriftBooks. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ ThriftBooks. "Hearth and Stool to All book by Kevin Danaher" (en). ThriftBooks. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ "The Year in Ireland: Irish Calendar Customs" (en). Mercier Press (2024-02-19). Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ ThriftBooks. "Ireland's vernacular architecture book by Kevin Danaher" (en). ThriftBooks. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ Kevin Danaher (2025-09-25). "The Children’s Book Of Irish Folktales by Kevin Danaher | Charlie Byrne’s Bookshop" (en). Charlie Byrne's. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ Danaher, Kevin (2018). "The children's book of Irish folktales". Cork: Mercier Press.
- ↑ "Children’s Book Of Irish Folktales" (en). Mercier Press (2024-02-19). Dáta rochtana: 2025-10-05.