Canáil Erie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Canáil Erie
Íomhá
Ainmnithe in ómósLoch Erie
Sonraí
CineálCanáil
Tréith
Tomhas843 (fad) km
Airde os cionn na farraige113 m
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinNua-Eabhrac, SAM
Map
 43°01′20″N 78°52′51″W / 43.022273°N 78.880832°W / 43.022273; -78.880832

Canáil a cheanglaíonn abhainn an Hudson is ea Canáil Erie, gar do Albany, agus a thrasnaíonn Stát Nua-Eabhrac go Loch Erie, ceann de na Locha Móra ar theorainn Cheanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí an-tábhacht ag an chanáil le forbairt Chathair Nua-Eabhrac, mar gur féidir loingeas a sheoladh ón gcathair sin an bealach ar fad go Chicago agus ar fud na Locha Móra ina dhiaidh a thógáil.

sa bhliain 1840
1826
Lockport, 1855
Lockport, 1855

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí innealtóir Éireannach darbh ainm Christopher Colles ar na daoine is túisce (1786) a mhol an chanáil a thógáil. Agus an fear is mó a bhí taobh thiar den tionscadal, De Witt Clinton, Gobharnóir N.Y., Éireannach ab ea a shean athair.[1]

Thosaigh an obair ar an gcanáil in 1817 agus de réir Carl Wittke "We Who built America." bhí breis agus 3000 Éireannach ag obair uirthi in 1818. Mhéadaigh faoi dhó ar an uimhir sin gach bliain ina dhiaidh sin..

Sul ar tosaíodh ar an gcanáil, chaith suirbhéir darbh ainm Canvass White tamall i Sasana ag féachaint ar na canálacha a tógadh ansin. Casadh innealtóir tógála darbh ainm J.J. McShane air agus d’éirigh cairdeas eatarthu. Dob as Tiobrad Arann dó agus bhí slua Éireannach ag obair faoi. D’éirigh le White, McShane agus a fhoireann a mhealladh anall go Nua-Eabhrac. Ansin thosaigh sé ag earcú in Éirinn. Tháinig na mílte agus d’fhágadar a rian ar an dtír. D’fhan cuid acu sna bailte beaga agus móra a d’fhás suas ann. Mhéadaíodar ar dhaonra Albany, Troy, Utica, Syracuse, Rome, Auburn, Rochester, Lockport, agus Buffalo.[1]

Lean sagairt mhiseanacha na hoibrithe ag léamh aifrínn agus ag éisteach faoistine. Pinginí na n-oibrithe a thóg na céad teampaill Chaitliceacha i dtuaisceart Nua-Eabhrac. As an obair san d’fhás deoisí Albany, Buffalo agus Rochester.

Brighton, Monroe County, New York

Lá oscailte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 26 Deireadh Fómhair 1825, osclaíodh an chanáil go hoifigiúil. Bhí an Gobharnóir DeWitt Clinton i mBuffalo don ócáid. Bhí paráid mhór acu go ceann na canála agus chuaigh De Witt Clinton ar bord báirse agus thosaigh ceithre chapall ghlasa á tharraingt síos an chanáil. Ar bord an bháirse bhí dhá shoitheach lán d’uisce ó Loch Erie agus bhíodar chun an t-uisce a thabhairt go Nua-Eabhrac ar an mbád agus é a chaitheamh sa bhfarraige. Nuair a d’fhágadar Buffalo scaoileadar gunna mór. Leath mhíle síos an chanáil bhí gunna eile agus nuair a chuala an gunnadóir an chéad cheann, scaoil sé an dara ceann agus mar sin de síos go dtí Nua-Eabhrac. Bhí 1812 gunna ar fad réitithe acu. Thóg sé 81 nóiméad chun an dea-scéala a chur go Nua-Eabhrac.

Taisteal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a osclaíodh an chanáil idir Albany agus Loch Erie i 1825, ba cheann de iontaisí móra an domhain í. D’fhéadfadh bád, anois, dul ó Nua Eabhrach go dtí na Locha Móra. Ní raibh an bóthar iarainn fós ann agus mar sin bhí an-éileamh ar na báid chun daoine agus earraí a iompar.

Chosain ticéad den chéad ghrád $4 ó Nua-Eabhrac go Albany agus ó Albany go Buffalo $14. Thóg an t-aistear sin tuairim is sé lá (thóg an cóiste coicís ar bhóithre garbha Nua-Eabhrac).[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Séamas de Bláca (16 Feabhra 2011). "Canáil Erie agus na hÉireannaigh". Dáta rochtana: 2021.