Canúint.ie
Seoladh canúint.ie, nó Taisce Chanúintí na Gaeilge, ar an 7 Márta 2025.[1] Tá 200 scoththaifead de chanúintí traidisiúnta na Gaeilge as 12 contae á gcur i láthair ar canúint.ie, suíomh idirghníomhach. Roghnaíodh na taifid ó mhórthionscadal digitithe ar ábhar Raidió Éireann agus Raidió na Gaeltachta. Díríodh ar an tréimhse ó na 1940idí go dtí na 1990idí agus áirítear ann cuid de na taifeadtaí Gaeilge is luaithe ó Chartlann RTÉ.[2]
Tá scoth na cainte le fáil ann ó chainteoirí iarGhaeltachta ar nós Mícheál Ó Maoldhomhnaigh ó Thiobraid Árann, Maggie McGiff as oirthear Mhaigh Eo nó Jane Nic Ruairí as Tír Eoghain, chomh maith le seanchaithe cáiliúla Gaeltachta ar nós Peig Sayers, Colm Ó Caoidheáin agus Micí Sheáin Néil Ó Baoill.
Tá na taifeadtaí mapáilte ar léarscáil idirghníomhach ar an suíomh a fheidhmíonn mar áis bhrabhsála don úsáideoir.
Rinneadh tras-scríobh canúnach ar na taifeadtaí a chuirtear ar fáil faoi bhun an tseinnteora fuaime agus é sioncronaithe focal ar fhocal leis an rian fuaime ar bhealach a chuideoidh leis an úsáideoir an comhrá a leanúint. Tá caighdeánú déanta ar na tras-scríbhinní seo chomh maith agus tugtar an leagan sin mar threoir áit ar bith a n-imíonn an tras-scríobh ón litriú caighdeánach.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Taisce Chanúintí na Gaeilge" (ga). Taisce Chanúintí na Gaeilge. Dáta rochtana: 2025-03-07.
- 1 2 Pádraic Ó Ciardha (7 Márta 2025). "Scoth na gcainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht agus ó iarGhaeltacht le cloisteáil ar shuíomh nua". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-07.