Jump to content

Campa teifeach Jenin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCampa teifeach Jenin
مخيم جنين للاجئين (ar)
مخيم جنين (ar) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósJenin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 32° 27′ 41″ N, 35° 17′ 24″ E / 32.461486°N,35.290005°E / 32.461486; 35.290005
Stát ceannasachStát na Palaistíne
Críocha gafaan Bruach Thiar
Governorate of the State of Palestine (en) AistrighJenin Governorate (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán27,000 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús57,082.45 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla0.473 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir na Gailíle agus an Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Airde157 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1953
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

campa teifeach Jenin suite ar an mBruach Thiar sa Phalaistín. Tá cáil le fada ar Jenin mar láthair frithbheartaíochta, go háirithe ar lucht an champa teifeach. Tá dreamanna armtha éagsúla ar a nglaoitear “Briogáidí Jenin” nó uaireanta “Pluais an Leoin” agus táid ag troid in éindí a chéile i gcoinne ionsaithe Arm Iosrael agus Údarás na Palaistíne.

In 2025, bhí na scórtha míle Palaistíneach a bhí ina gcónaí sa champ díbeartha ag Arm Iosrael.[1]

Cathair Jenin inniu; an campa ar chlé
Oibríocht "Balla Iarainn" de chuid Iosrael, 2025

De réir dhaonáireamh 2017 bhí 20% de dhaonra chathair Jenin ina gcónaí i gcampa teifeach Jenin. Ó thalamh a ghlac stát Iosrael seilbh air in 1948 (as ar díbríodh - nó ar theith - tuairim is 800,000) is ea bunús na coda is mó díobh siúd nó a dtuistí.

In 1967 ghabh Iosrael Jenin mar aon le codanna eile den Bhruach Thiar, go mídhleathach de réir dlí idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe. Cé gur lean cóilínígh ag cur fúthu go mídhleathach ar an mBruach Thiar, in 1994 cuireadh Cathair Jenin agus an campa teifeach faoi bhainistíocht Údarás na Palaistíne (UP).

Ionsaithe Iosrael ar an mBruach Thiar, 2025

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is mó cáineadh na bPalaistíneach ar ionsaithe Arm Iosrael, agus UP fiú.

In Jenin le linn 2025, le linn Oibríocht "Balla Iarainn" 2025 bhí daoine maraithe agus gafa ag Arm Iosrael agus ag UP.

Ní mórán difríochta idir ionsaithe Arm Iosrael agus ionraí fórsaí UP, ach amháin go bhfuil breis arm agus feithiclí armúrtha ag Arm Iosrael, chomh maith le haerfhórsa, rud nach bhfuil ag UP ná ag na trodairí. Nuair a theip ar fhórsaí UP dul chun cinn a dhéanamh i gcoinne fhrithbheartaíocht champa Jenin i mí Eanáir 2025, bhuamáil aerfhórsa Iosrael an campa agus mharaíodar trodairí ann.[2]

Ar an 10 Márta, mharaigh UP Abdul Rahman Abu Al-Muna, ceannaire ar na Jenin Brigades.[3] Dhiúltaigh Iosrael cead isteach sa Champa.

Mheas na Náisiúin Aontaithe go raibh 40,000 duine díbeartha as Campa Teifeach Jenin le linn Eanáir-Márta 2025.[4][5] Chuir Dochtúirí gan Teorainneacha (MSF) fainic "faoin mór-chontúirt" do Phalaistínigh a bhí díbeartha as a gcuid tithe ag an bhfeachtas leanúnach a bhí ar bun ag Arm Iosrael ar an mBruach Thiar. Dúirt MSF go raibh "na scórtha míle fágtha gan dídean agus gan seirbhísí riachtanacha" agus gur "mór-údar imní meabhairshláinte an phobail sa réigiún".[6]

Bhí cáineadh ag teacht ó mheáin Iosraelacha freisin, iad ag maíomh nach raibh in ionsaithe a n-airm ar Jenin ach seachrán airde ón easpa bua acusan in Gaza. Ach de réir Netanyahu ba ghá na Palaistínigh a cheansú chun an Bruach Thiar a leithlisiú.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2025-02-24). "Borradh faoi fhoréigean Iosrael ar an mBruach Thiar" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 Diarmuid Breatnach - An Páipéar (2025-01-31). "An bruach thiar gan sos comhraic" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-24.
  3. "PA’s killing of resistance fighter amid army raid signals its open coordination with Israel" (en). Middle East Eye. Dáta rochtana: 2025-03-24.
  4. Nuacht RTÉ (2025-03-24). "21 maraithe ag Arm Iosrael thar oíche i nGaza" (as ga-IE). 
  5. "Mass displacement in northern West Bank takes a dramatic toll on Palestinians [EN/AR - occupied Palestinian territory | ReliefWeb]" (en). reliefweb.int (2025-03-24). Dáta rochtana: 2025-03-24.
  6. Nuacht RTÉ (2025-03-24). "21 maraithe ag Arm Iosrael thar oíche i nGaza" (as ga-IE).