Jump to content

Camera obscura

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Camera Obscura)
ceamara mionphoill / Camera Obscura
17ú-19ú haois: ar chumas na n-ealaíontóirí iad a úsáid le haghaidh saothair líníochta agus phéintéireachta

Ciallaíonn ‘camera obscura’ san Iodáilis nó sa Laidin ‘seomra dorcha’ . Oibríonn siad mar seo: Déantar poll beag i seomra nó bosca atá solasdíonach. Scaoiltear íomhá ón domhan lasmuigh tríd an bpoll mar léas sholais ar chúlbhalla an tseomra nó ar chúl an bhosca, agus bíonn an íomhá bunoscionn agus droim ar ais.[1]

View from the Window at Le Gras le Niépce

Tarlaíonn sé go nádúrtha má dhéantar poll beag i seomra nó bosca. Teilgtear íomhá ón taobh amuigh ar an mballa os a chomhair amach. Bíonn an íomhá seo bunoscionn agus droim ar ais. Is féidir lionsa nó mionpholl a dhéanamh chun íomhá mar seo a fháil (an chéad íomhá ar dheis))..

Le linn ré na hAthbheochana, laghdaíodh méid na camera obscuras, a bhíodh á n-úsáid ag eolaithe agus réalteolaithe - bhídís chomh mór le seomra ar dtús – ach nuair a laghdaíodh iad, ansin d’fhéadfaí iad a iompar. Anois bhí sé ar chumas na n-ealaíontóirí iad a úsáid le haghaidh saothair líníochta agus phéintéireachta. Ceaptar go raibh cinn cosúil leis an gceann i (an dara íomhá ar dheis). ag an mórealaíontóir as an Ollainn Johannes Vermeer (1632-1675) agus an péintéir Iodálach Canaletto (1452-1519).

Rinne Leonardo da Vinci (1452-1519) cur síos ar an mbealach ar oibrigh camera obscura ina chuid scríbhinní sa bhliain 1502.[1]

Chuir fionnachtana a rinne ealaíontóirí agus eolaithe sa naoú haois déag tús leis an ngrianghrafadóireacht. Is é an ceimiceoir, Joseph Nicephore Niépce (1765-1833) a thóg an grianghraf is sine atá ar fáil sa Fhrainc, in 1826 nó 1827. Bhain sé úsáid as camera obscura agus pláta solas-íogair brataithe le biotúman Iúdáia, substaint ar nós tarra (an 3ú íomhá ar dheis). Chruaigh an t-ábhar de bharr an tsolais a teilgeadh air agus cruthaíodh íomhá. Taispeánann an grianghraf radharc ó fhuinneog thuas staighre ina eastát féin. Tugtar View from the Window at Le Gras ar an bpictiúr.

In 1841, d’úsáid Fox Talbot páipéar brataithe le comhdhúile airgid. Ansin chuir sé é i gceamara obscura agus nochtadh i solas é. Ansin dhéantaí é a réaladh i níotráit airgid agus rinneadh an íomhá folaigh (folaithe), a bhí le feiceáil ar éigean, a chobhsú i mbróimíd photaisiam nó sóidiam tiasulfáit.

Sna 1840idí, Cruthaíodh an Daguerreotype trí leathán copair airgeadphlátáilte a shnasú go mbeadh bailchríoch scátháin air agus rinneadh é a chóireáil le gal iaidín chun go mbeadh sé solasíogair. Ansin dhéantaí é a nochtadh i camera obscura.

Chun ceamara obscura .a chruthú, déan seomra a lándorchú go mbeidh sé dorcha go hiomlán. Ansin, déan poll an-bheag ag an bhfuinneog agus ceangail lionsa de. Oibreoidh lionsa dia-optair A+1, as péire spéaclaí léitheoireachta agus é teilgthe ar bhráillín bhán nó ar chuirtín tréshoilseach cithfholcadh, 100 cm. ón bhfuinneog. Is féidir leat triail a bhaint as lionsaí dronnacha difriúla go bhfeicfidh tú cé acu is fearr a oibreoidh. Físeán.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Físeán.[2]

  1. 1 2 Brian Cregan / nationalgallery.ie (2023). "Meán, Ábharthacht & Draíocht Grianghrafadóireacht i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-09. Dáta rochtana: 2026.
  2. 1 2 National Geographic AR YOUTUBE (2011-04-15). "Making Your Own Room With a View | National Geographic".