Camchéachta (bratach)

Bratach ar leith i stair na troda ar son Phoblacht na hÉireann is ea an Camchéachta,[1] nó Bratach Oibrithe na hÉireann.
Cúlra glas a bhí ar an mbratach sna 1910idí, agus is dóiche gur dath glas Poblacht na hÉireann atá i gceist, ó aimsir na nÉireannach Aontaithe i leith.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Glactar leis gurb é William H. Megahey, múinteoir i gColáiste Ealaíne agus Deartha Bhaile Átha Cliath, a leag amach an dearadh, ach ní fios cé uaidh a tháinig an coincheap. Nochtadh í ag cruinniú d’Arm Cathartha na hÉireann ar an 5 Aibreán 1914.
Bhí an Camchéachta ar foluain i Sráid Uí Chonaill, nó Sráid Sackville mar a bhí ag an am, le linn Éirí Amach 1916. D’ordaigh Séamas Ó Conghaile an bhratach a chrochadh os cionn fhoirgneamh Clery. Trasna na sráide uaidh sin, ar Ard-Oifig an Phoist, bhí an bhratach thrídhathach agus bratach Irish Republic ar foluain. Ach bhí siombalachas ar leith i gceist le láthair Clery, nó is ann a bhí an Imperial Hotel ar le William Martin Murphy é.[3] Agus ba san Imperial Hotel a gabhadh Séamas Ó Lorcáin agus é ag sárú toirmeasc giúistís.
Nuair a ghéill ceannairí an éirithe amach i Sráid an Mhúraigh bhí an Camchéachta fós slán os cionn an Imperial Hotel agus thóg oifigeach de chuid Arm Shasana leis í mar chomhramh. In 1954 dhíol an tioifigeach an bhratach le hIarsmalann Náisiúnta na hÉireann.[2]
Siombalachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leanann dearadh na brataí cruth réaltbhuíne an Bhéir Mhóir, Ursa Major, mar a fheictear dúinne é. Samhlaítear do dhaoine i gcuid den domhain gur cruth béir atá ann agus do dhaoine sna Stáit Aontaithe gur ladair an cruth ar an réalbhuíon, ach camchéachta an cruth a fheictear dúinne in Éirinn. Uirlis oibre is ea an chéachta agus b’shin fáth maith leis an gcruth a roghnú don bhratach. Agus le huirlis talaimh mar réaltbhuíon, tá siombalalachas ann a bhaineann le cás na haicme oibre i gceist, chomh maith lena n-ardaidhm sa todchaí. Is mana é sa dioschúrsa sóisialach gurb é sprioc na n-oibrithe ‘chuile rud ón talamh go dtí na réalta’, agus ar ndóigh, deirtear go ndúirt Séamas Ó Conghaile é freisin. In ionad soc céachta tá claidheamh le feiceáil i ndearadh na brataí agus is dócha gur tagairt é sin don Bhíobla, Leabhar Iseáia 2:4, in a ndeirtear go ndéanfar soic de chlaimhte. Bhí sé ar cheann de spriocanna an na gluaiseachta sóisialaí deireadh a chuir le cogadh, agus cruthaíodh an bhratach seo ag tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda.[2]
Leagan eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá leagan eile den bhratach ann, gan ann ach cruth na réaltbhuíne an Béar Mór, Ursa Major, réalta bána ar chúlra gorm. Baill den Chomhdháil Phoblachtach, a bunaíodh in 1934, a chruthaigh an dearadh seo. Ní fios cén fáth ar ceapadh an dearadh nua seo, ach seans go raibh daoine ag iarraidh imeacht ón náisiúnachas go sóisialachas ann féin. Mhaigh Seán Ó Cathasaigh gur gorm dath an chúlra agus ní haon rún gur cháin an Cathasach Ó Conghaile de bharr a pháirte i réabhlóid náisiúnach. Is é an leagan gorm a fheictí go minic ach tá an leagan bhunaidh le feiceáil ar léirsithe agus ar phicéid chomh maith.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, the bent plough nó Starry Plough nó the Big Dipper
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Diarmuid Breatnach (2025-07-04). "“Ón talamh go dtí na réalta”, bratach Oibrithe na hÉireann" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-07-04.
- ↑ Ba é Murphy ceannaire na bhfostóirí a d’fhógair cogadh ar Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (COIIÉ) agus, tríd sin, ar oibrithe BhÁC in 1913. Ba sa streachailt sin a chruthaigh Ó Lorcáin agus Ó Conghaile Arm Cathartha na hÉireann (ACE) d’fhonn na hoibrithe a chosaint ar ionsaithe Phóilíní Chathair BhÁC.