Camán na mBan
Cuma
(Athsheolta ó Camán na mBan (clár))
| Seánra | scannán faisnéiseach |
|---|---|
| Tír | Éire |
| Bunteanga | an Ghaeilge |
| Bealach teilifíse | TG4 |
Clár faisnéise de chuid TG4 é Camán na mBan a dhíríonn ar stair, forbairt agus todhchaí na camógaíochta a bunaíodh 120 bliain ó shin. Tá athrú mór i ndán don spórt agus An Cumann Camógaíochta ag súil comhtháthú a dhéanamh le Cumann Lúthchleas Gael faoin mbliain 2027.
Tá scothimreoirí agus iar-imreoirí camógaíochta, iar-uachtaráin an chumainn agus staraithe spóirt ina measc siúd ata le feiceáil ar an gclár. Caitear súil ar na dúshláin a sháraigh an cumann agus lucht camógaíochta le 120 bliain agus mar a chothaigh bunaitheoirí na camógaíochta réabhlóid chultúrtha agus spóirt do mhná na hÉireann ag tús an fhichiú haois.