Jump to content

Camán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Camán de Pat Madden, 1887
Enda Kenny agus Barack Obama, 2011

Bata iománaíochta nó camógaíochta is ea camán[1] (rud atá "camtha" nó lúbtha).[2]

Tá a fhios againn go ndearnadh an chéad trácht ar an iomáint sa litríocht in 1272RC,[3] ach seans go raibh muintir na hÉireann ag imirt iomána de shórt éigin roimhe sin. I Luimneach a thángthas ar phíosa adhmaid a shíltear go mb’fhéidir gurb é an camán is sinne in Éirinn. I Sceach an Chreagáin, Mungairit i Luimneach a thángthas ar an phíosa adhmaid in 2021. Tá an píosa thart ar mhéadar go leith ar fad agus é déanta as saileach. Bhí gach rud caomhnaithe go maith mar gheall ar an talamh báite agus thángthas ar go leor píosaí eile fosta, cosúil le bróga leathair.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, hurlhurley stick
  2. "An Foclóir Beag: camán" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2025-08-18.
  3. Thade Andy (2024-08-17). "Fir Bolg Vs Tuatha De Dannan - a very brief history of Hurling" (en-GB). Gript. Dáta rochtana: 2025-08-18.
  4. Darren Ó Dubhgáin (29 Iúil 2025). "‘Níor tháinig mé trasna ar rud ar bith cosúil leis riamh’ – an é seo an camán is sine in Éirinn?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-18.