Calum Iain MacGill-Eathain
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 6 Meán Fómhair 1915 Ratharsair, Scotland |
| Bás | 17 Lúnasa 1960 44 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Dhún Éideann |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | antraipeolaí, béaloideasóir |
| Teangacha | Béarla |
| Teaghlach | |
| Siblín | Somhairle MacGill-Eain |
Bhí Calum Iain MacGill-Eathain (6 Meán Fómhair 1915 – 17 Lúnasa 1960) ina scríbhneoir agus ina bhailitheoir béaloidis. Ba dheartháir Shomhairle MacGill-Eain é freisin.
Rugadh agus tógadh Calum Iain in Òsgaig, Eilean Ratharsair. D’fhreastail sé ar bhunscoil Ratharsair agus ar Àrd-sgoil Phort Rìgh. Bhain sé céim amach sa Cheiltis in Ollscoil Dhún Éideann. Tar éis dó céim a bhaint amach le honóracha, rinne sé staidéar in Éirinn, i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.[1]
Ar dtús, bhí sé ag obair mar bhailitheoir béaloidis in Éirinn. Ag an am seo, d’iompaigh sé ar an gCaitliceachas. Rinne sé obair thaifeadta fairsing in Albain chomh maith, i Ratharsair, Loch Abar, Barraigh, Uibhist a Deas agus in iomaí áiteanna eile. Sa bhliain 1951, thosaigh MacGill-Eathain ag obair mar bhailitheoir do Sgoil Eòlais na h-Alba.[1] Idir 1951 agus 1952, chaithMacGill-Eathain beagnach bliain in Ollscoil Uppsala sa tSualainn áit ar fuair sé oiliúint i gcatalógú, i gcartlannú agus i dteoiric an bhéaloidis.[1] Ó 1956 i leith, bhí ailse air.[1] Nuair a fuair sé bás i 1960, adhlacadh é i Hàlainn, Uibhist a Deas.
I ndiaidh a bháis, scríobh Somhairle MacGill-Eain 'Cumha Chaluim Iain MhicGill-Eain':
Tha an saoghal fhathast àlainn.
ged nach eil thu ann.
Is labhair an Uibhist a’ Ghàidhlig
ged tha thusa an Cnoc Hàllainn
is do bheul gun chainnt.[2]
Scríbhinní faoina dhéin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Wiseman, Anndra. 2014. Bho Thoiseach gu Deireadh: Taghadh do dh'Obair-cruinneachaidh Chaluim MhicGilleathain ann an Tobar an Dualchais: Ulaidh Nàiseanta/ Kist O Riches: A National Treasure deas. le Chris Wright (An t-Eilean Sgitheanach: Tobar an Dualchais) d.36-41 (agus sa Bheurla d.42-47)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 Eachdraidh a bheatha[nasc briste go buan] aig Pròiseact Chaluim MhicGillEathainn
- ↑ Cumha Chaluim Iain MhicGill-Eain air sorleymaclean.org