Jump to content

Caisleán an Rí

Caisleán an Rí
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálTúrtheach Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCill Mocheallóg, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 23′ 59″ N, 8° 34′ 36″ O / 52.399743°N,8.576663°W / 52.399743; -8.576663
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir173

Túrtheach agus Séadchomhartha Náisiúnta atá suite i gCill Mocheallóg is ea Caisleán an Rí.[1] Is é an caisleán croílár Chill Mocheallóg fós sa lá atá inniu ann (i dteannta na Prióireachta Doiminicí trasna uaidh). Tá bealach áirseach ar an leibhéal íochtarach a ligeann don phobal siúl tríd; ligeann sé dóibh dul siar sa stair freisin.[2]

Bealach stuach tríd an túr
Fuinneog

Tá Caisleán an Rí suite i gCill Mocheallóg, 137 m (449 tr) siar ó Eaglais Choláisteach Naomh Peadar agus Pól agus 152 m (499 tr) siar ó dheas ó Mhainistir Chill Mocheallóg.[3][4]

Ainmníodh an daingean as Seon, Rí Shasana é. In ainneoin an ainm atá air, is dócha gur tógadh an Caisleán thart faoin 15ú haois. Fuair Seon bás sa bhliain 1216. Is dócha go raibh an t-ainm Seon ceaptha chun comparáid a dhéanamh le Caisleán Luimneach.[2]

Sa bhliain 1645, bhain na hÉireannaigh leas as mar armlann faoi Thiarna Ghleann Bearcháin le linn Chogaí na Comhdhála in Éirinn. Sé bliana ina dhiaidh sin (1651), bhain fórsaí parlaiminteacha Oilibhéir Cromail úsáid otharlainne as.

Deonaíodh é do Henry Billingsley i 1588, agus do Thomas Browne i 1604. Sa bhliain 1645 d'úsáid trúpaí James Tuchet, 3ú Iarla Ghleann Bearcháin é mar armlann le linn Chogadh na hAon Bhliana Déag, agus bhí sé ina ospidéal míleata i 1651.

Rinneadh athchóiriú ar an túr san 18ú/19ú haois agus úsáideadh é mar cheardlann gabha.[5][6]

Túr ‘sonnaigh’ (daingean nó túrtheach beag daingnithe) is ea Caisleán an Rí. Is dócha nárbh é an t‑aon túrtheach i gCill Mocheallóg é, ach is é an t‑aon cheann atá fós ann sa lá atá inniu ann.

Tá bunfhuinneoga muilleanacha (barraí cloiche ingearacha) agus forbhallaí san fhoirgneamh ceithre stór seo. Tá an daingean boghtach os cionn urlár na talún.[7] Cuireadh na fuinneoga rinneacha leis an struchtúr go mall san 18ú haois. Rinneadh é a athchóiriú sa 19ú haois.[8]

B’fhéidir go raibh an daingean mar chuid de bhealach isteach gheata thuaidh an bhaile sa 15ú/16ú haois. Baineadh leas as mar cheárta ar feadh scaithimh.[2]

  1. Ireland (26 December 1898). "Journal". “King John's Castle (Kilmallock).”– tríd Internet Archive 
  2. 2.0 2.1 2.2 "Caisleán an Rí | Oidhreacht Éireann" (ga). Caisleán an Rí | Oidhreacht Éireann. Dáta rochtana: 2025-04-26.
  3. Holdings: King John's Castle, Kilmallock, Co. Limerick”. catalogue.nli.ie.
  4. Oram (26 December 2017). "Bygone Limerick: The City and County in Days Gone by". Mercier Press Ltd. ISBN 9781856356794.– tríd Google Books 
  5. Irish Castles - King Johns Castle, Kilmallock”. www.britainirelandcastles.com.
  6. King's Castle, Kilmallock”. irishantiquities.bravehost.com.
  7. Castles of Munster: Kilmallock, Limerick... (C) Mike Searle”. www.geograph.ie.
  8. "Kilmallock King John's Castle, Limerick". www.megalithicireland.com. Dáta rochtana: 2025-04-26.