Jump to content

Caisleán Mhaigh Uí Ghadhra

Caisleán Mhaigh Uí Ghadhra
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálCaisleán Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Shligigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 58′ 18″ N, 8° 28′ 29″ O / 53.971645°N,8.474742°W / 53.971645; -8.474742

Meastar go bhfuil Caisleán Mhaigh Uí Ghadhra (Béarla: Moygara Castle ar cheann de na caisleáin de chuid na nGael is fearr san iarthuaisceart na hEireann.,

Láthair gheografach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an caisleán suite i mbaile fearainn an Ghoirtín, i gCúil Ó bhFinn (barúntacht), Contae Shligigh.

Tá an caisleán ar fhearann ocht n-acra talún atá anois faoi úinéireacht phríobháideach mhuintir Uí Néill.

Tógtha, go déanach sa cheathrú haois déag/go luath sa chúigiú haois déag, ag mhuintir Uí Ghadhra, d'fheidhmigh an caisleán mar lár a dtiarnas i gCúil Ó bhFinn.

Lena bhábhún fairsing cearnógach, cheithre thúr, imbhallaí agus teach geata tharraing sé aird mhuintir na háite agus na gcuairteoirí araon leis na céadta bliain.

Tá Grúpa Taighde agus Caomhnaithe Chaisleán Mhaigh Uí Ghadhra ag obair le breis is deich mbliana anois chun aird a tharraingt ar an gcaisleán suntasach seo. Tríd an Scéim Uchtaithe Séadchomhartha, tá an grúpa ag iarraidh oibriú i dtreo chaomhnú na coda is leochailí den struchtúr, d'fhonn rochtain a chumasú don phobal san fhadtéarma.

Le maoiniú ón gComhairle Oidhreachta trí Chlár Éire Ildánach 2019, cheap an grúpa Duncan McLaren ó Dedalus Architecture chun tuairiscí caomhnaithe roimhe seo ar Chaisleán Mhaigh Uí Ghadhra a mheas agus Plean Bainistíochta Caomhnaithe mionsonraithe agus struchtúrtha a chur le chéile mar bhonn le haghaidh oibreacha caomhantais agus iarratais ar mhaoiniú amach anseo.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]