Caisleán Ghallarais
Cuma
Caisleán Ghallarais | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Túrtheach | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chiarraí, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 65 | |||
Tá Caisleán Ghallarais suite i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne (i gContae Chiarraí in Éirinn), ciliméadar ó Aireagal Ghallarais.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Suíomh oidhreachta atá ann. Ba iad na Gearaltaigh a thóg an foirgneamh seo, sa 15ú céad. Cheann den mbeagán caisleán atá fós ar an leithinis atá ann.
An foirgneamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Túr cheithre urlár atá ann le síleáil bhogtha ar an gceathrú urlár. Ní féidir aon cheann de na forbhallaí a fheiceáil anois áfach. Tá go leor oibre chaomhnaithe déanta ar an gcaisleán agus tá lánrochtain ar an taobh istigh. Cuireadh doras isteach sa bhalla thuaidh. Bhí rochtain i dtosach báire ar an dara urlár. Ní mhaireann an struchtúr cosanta a bhí dhá urlár chun tosaigh áfach, ach is féidir rian de a fheiceáil ar an mballa seachtrach.[1]