Caisleán Bhaile na dTrí Chaisleán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Bhaile na dTrí Chaisleán
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Coimín, Éire
Map
 53°10′54″N 6°29′15″W / 53.1817°N 6.4874°W / 53.1817; -6.4874
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir491

Is túrtheach é Caisleán Bhaile na dTrí Chaisleán atá lonnaithe i mBaile Coimín, Chill Mhantáin.

Scriosadh leath den chaisleán seo a tógadh i ndeireadh na 14ú haoise nó sa 15ú haois. Ar fhánán a bhfuil a aghaidh soir agus atá ag breathnú amach thar ghleann na Life atá an foirgneamh dronuilleogach seo. Tá sé trí stór ar airde agus tá túirín a bhfuil staighre ann ag gobadh amach as coirnéal amháin. Tá díon boghtach os cionn an urláir uachtaraigh, mar is gnách le caisleáin bheaga i gceantar Bhaile Átha Cliath. Tá áit bhreá tine i seomra an chéad urlár, maisiúcháin snoite ar na fuinneoga, agus garderobe (leithreas). Shín an túr siar ar dtús, ach níl fágtha den taobh sin ach bun na mballaí agus tús lusca eile cloiche. Tá doirse idir an dá chuid den fhoirgneamh le feiceáil go fóill. Is cosúil go raibh dhá chaisleán eile sa chomharsanacht tráth agus sin an fáth ar tugadh Baile na dTrí Chaisleán ar an áit.


Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]