Caisearbhán (taraxacum officinale)
Taraxacum ![]() | |
---|---|
![]() caisearbhán coiteann ![]() | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | cúitiúc agus sú ![]() |
Planda | |
Dath na mbláthanna | buí ![]() |
Cineál an toraidh | aicéin ![]() |
Tacsanomaíocht | |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Fofhine | Cichorioideae |
Géineas | Taraxacum ![]() F.H.Wigg., 1780 |
Planda ilbhliantúil is ea an caisearbhán[1] atá dúchasach don Eoraip is iarthar na hÁise.

Aicmiú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é caisearbhán a thugtar ar dhá chineál planda den ghéineas Taraxacum is den fhine Asteraceae. Caisearbhán coiteann (T. officinale) agus caisearbhán deargshíolach (T. erythrospermum) is ainmneacha dóibh. Tá siad dúchasach don Eoráise is do Mheiriceá Thuaidh, ach tá siad flúirseach ar fud na cruinne.[2]
Tá an dá speiceas inite ina n-iomláine. Fearacht gach ball den fhine Asteraceae, tá mionbhláthanna acu cruinnithe le chéile i mbláthcheann ilchodach.
Tugtar bláthóg ar gach aon bhláth sa bhláthcheann. Baineann an-chuid ball den ghéineas Taraxacum úsáid as apaimiscis chun síolta a tháirgeadh go héagnéasach, 'sé sin le rá in éagmais pailniú, rud a fhágann go bhfuil sliocht gach máthairphlanda díreach cosúil leis ó thaobh na géineolaíochta de.[2]
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Na duilleoga i mbunchnota, maothánach nó tiaclach; na bláthchinn aonarach, iompartha ar ghais chuasacha gan duilleoga, le bláthóga buí;
na torthaí le paraisiút de ribí bána gruaige ceangailte le gas fada, an ceann iomlán torthaithe ag foirmiú an chloig aithnidiúil.
Atáirgeann cuid mhaith caisearbhán gan phróiseas toirchithe.
Anchuid speiceas, níos mó ná 1 ,000 san Eoraip amháin.
Maidir le speiceas an-choitianta, ar tiaile iltíreach é, itear na duilleoga óga mar shailéad, meiltear na bunfhréamhacha is déantar caifé leo, agus úsáidtear na bláthchinn i ndéanamh fíona.[2][3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Taraxacum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
- ↑ Aedín Ní Thiarnaigh (2025-03-28). "Caisearbhán" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-03-30.