Caiscín: altanna san Irish Times 1953/56
| Cineál | saothar liteartha |
|---|
Is bailiúchán alt de chuid Mháirtín Uí Chadhain é Caiscín: altanna san Irish Times 1953/56. Aindrias Ó Cathasaigh a chuir in eagar agus Coiscéim, Baile Átha Cliath a d'fhoilsigh sa bhliain 1998.
Toirt 432 leathanach d'iriseoireacht Mháirtín atá sa leabhar, maille le réamhrá gearr ag Aindrias Ó Cathasaigh ina thús agus gluais bheag pearsanra ina eireaball. Tá éagsúlacht ábhar ann, mar shampla: taisteal, An Spáinn, Sasana, Albain agus staid na Gáidhlig, an Ostair, agus tá an pholaitíocht ann a bhí riamh in aice a chroí.
Níl an scríbhneoir cruthaitheach le brath chomh mór ann ná an réabhlóidí radacach amach ó chorrlíne anseo is ansiúd; ach colúnaí a mbíonn dua air colún a ghoinfeadh aire a léitheoirí. Cuireadh Cré na Cille i gcló in 1949; agus Cois Caoláire in 1953 agus níor foilsíodh an chéad leabhar eile uaidh An tSraith ar Lár go dtí 1967.
Bhí sé ag obair i Rannóg an Aistriúcháin le linn an ama, agus de réir dealraimh, ní raibh sé sásta ann ó thaobh a chuid cruthaitheachta. Mhaígh sé ina dhiaidh gur choinnigh an cholúnaíocht seo ón dúlagar é.