Jump to content

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Listina základních práv Evropské unie Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálconarthaí an Aontais Eorpaigh, cairt agus general principles of European Union law (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran tAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Teangateangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe2000 Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
Cuid deconarthaí an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Obair iomlánTéacs iomlán Cuir in eagar ar Wikidata

Cumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (CCB) cearta ar leith polaitiúla, siabhalta agus eacnamaíocha i ndlí an Aontais Eorpaigh (AE) do shaoránaigh an Aontais. Scríobhadh í ag an gCoinbhinsiún Eorpach agus fógraíodh go sollúnta í ar an 7ú Nollaig 2000 ag Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag an gCoimisiún Eorpach. Ba neamhaird é a stádas dlí, áfach[1] go dtí gur tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm ar an 1d Nollaig 2009.

Is cuid de limistéar saoirse, slándála agus ceartais (LSSC) an AE í an Chairt. Baineann sí le gach foras an AE agus Euratom. Cuirfidh cúirteanna an AE ó bhailiúchán aon reachtaíocht a mheastar a bheith neamh-chomhlíonta leis an gCairt.

Tá ar bhallstáit an AE cloí leis an gCairt. Tá páirt-rogha an diúltaithe ag an bPolainn ón CCB in ainneoin a bheith ina ball den LSSC; os a choinne sin, tá an Chairt glactha go hiomlán ag an Danmhairg agus ag Éirinn, cé go bhfuil (páirt-)rogha an diúltaithe ón LSSC acu siúd.

Tá cuid mhaith den Chairt bunaithe ar Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (CECD), Cairt Shóisialta na hEorpa, cásdlí Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus forálacha as dlí an Aontais Eorpaigh.

Tá 54 Airteagal sa Chairt, roinnte ina seacht dTeideal.

  1. Dínit: ráthaítear an ceart chun na beatha agus chun iomláin phearsanta, agus toirmisctar céasadh, sclábhaíocht, pionós an bháis, eugenic practices agus clónáil daonna. Ta na forálacha ann bunaithe go formhór ar an CECD, cé go bhfuil an Airteagal1 an-chosúil le hAirteagal i mbundlí na Gearmáine.
  2. Saoirsí: clúdaítear saoirse, príobháideachas, chosaint sonraí pearsanta, pósadh, smaointeoireacht, creideamh, tuairimíocht, tionól, oideachas, obair, réadmhaoin agus tearmann.
  3. Comhionannas: clúdaítear comhionannas faoin dlí, le cosc ar gach idirdhealú, lena n-áirítear ar bhonn míchumais, aoise, claonadh gnéis, ilchineálacht cultúir, creidimh agus teangan, agus na cearta leanbh agus daoine aosta.
  4. Dlúthpháirtíocht: clúdaítear cearta sóisialta agus na n-oibrithe lena n-áirítear cearta oibre cuibhiúla, cosaint in aghaidh dífhostaithe éagóraigh; cúram sláinte uilíoch; cúnamh shóisialta agus tithíochta; caomhnú an chomhshaoil agus cosaint tomhaltóirí.
  5. Cearta na Saoránach: clúdaítear cearta vótála agus cearta iarrthóireachta i gcomhair toghchán do Pharlaimint na hEorpa agus dí bhardais áitiúla; cearta a bhaineann le saoirse gluaiseachta; agus cearta riaracháin amhail is rochtain ar doiciméid agus ceart achainí.
  6. Ceartas: clúdaítear ceart chun leigheas éifeachtach, triail chóir, toimhde na neamhchiontachta, prionsabal na dlíthiúlachta, neamh-chúlghabhálachas agus contúirt dhúbailte.
  • Forálacha Ginearálta: maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na Cairte.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "EU Law: Text, Cases and Materials" (2007). Oxford: Oxford University Press.