Cairbre Lifechair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCairbre Lifechair
Ardrí na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteFíachu Sroiptine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCormac mac Airt

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Cairbre Lifechair[1] (gráthoir na Life) mac Cormac mhic Airt.

Teacht i réim[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an téacs Díbirt na nDéisí den 8ú haois, rinneadh Cairbre ina rí tar éis do Óengus Gaíbúaibthech na nDéisí radharc na súl a bhaint dá athair, óir nach raibh an choróin tuillte ach do rí gan locht an choirp. Le fírinne de réir na n-Annál, tháinig Eochaid Gonnat i gcomharbacht ar Chormac ar dtús Cormac, ach tháinig Cairbre ina dhiaidh tar éis a bháis i rith catha.

Cath Gabhra[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an scéil Cath Gabhra san Fhiannaíocht, phós Cairbre Aine iníon Fjionn mhic Chumhaill. I rith a réime, mharaigh a mhic, Fíachu Sroiptine agus Eochaid Doimlen, Óengus Gaíbúaibthech na nDéisí. Um síocháin a dhéanamh, gheall Cairbre a iníon, Sgiam Sholais, do phrionsa Déiseach. D'éiligh na Fianna ámh cíos fiche barra óir, mar na chuí dar leo ag a leithid d'am. Mheas Cairbre ansin go raibh an iomarca cumhachta ag na Fianna, agus bhailigh sé arm ollmhór ina n-éadan, le gaiscí na nUladh, na gConnacht agus na Laighean. Sheas Goll mac Morna agus a lucht leanúna le Cairbre, in aghaidh a n-iar- chomhghuaillí. Sheas na Mumhan agus na Déisi leis na Fianna. Bhuaigh arm Chairbre ag Cath Gabhra, ach thit Cairbre féin i gcomhrac aonair in éadan Oscar garmhac Fionn, a d'éag dá créachtaí ball beag ina dhiaidh. Fuair Fionn féin bás nó sa chath nó bliain roimhe sin ag abhainn na Bóinne. Níor tháinig slán as na Fianna ach Caílte mac Rónáin agus Oisín mac Fionn.

Bóraime na Laighean[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith a réime, dhiúltaigh Breasal Bealach, rí na Laighean, an bóraime[2] a íoc don Ard-Rí, ach chloígh Cairbre é i gCath Dubhchumair, agus ó shin i leith, íocadh an bórama gan troid.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Cairbre i réim ar feadh a seacht déag, a sé is fiche nó seacht mbliana is fiche. Tháinig Fothad Cairpthech agus Fothad Airgthech mic Lugaid mac Con i gcomharbacht air.

Craobh ghinealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

 
 
 
Conn Cétchathach
 
Eithne Táebfada
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Art mac Cuinn
 
Achtan
 
 
 
Macnia mac Lugdach
 
Saruit
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Cormac mac Airt
 
Eithne Ollamda
 
 
 
Lugaid mac Con
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Aine
 
Cairbre Lifechair
 
 
 
Fothad Cairpthech
 
Fothad Airgthech
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Fíachu Sroiptine
 
 
 
Eochaid Doimlén
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Muiredach Tirech
 
 
 
Colla Uais
 
Colla Fo Chrí
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Airgíalla
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Uí Néill
 
Connachta
 
*
 
Uí Maine

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. car2 ar teanglann.ie FGB
  2. bóraime ar eDIL
  3. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 339-341
  4. Foras Feasa ar Éirinn, 1.47
  5. Annála na gCeithre Máistrí, M267-284
  6. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, ll. 63-64
Réamhtheachtaí
Eochaid Gonnat
Ard-Rí na hÉireann
FFÉ 245–272
ACM 267–284
Comharba
Fothad Cairpthech agus Fothad Airgthech