Cairbre Cinnchait

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCairbre Cinnchait
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Cairbre CinnchaitCaitchenn. Tá éagsúlachta ar leith idir na foinsí maidir lena shinsearacht agus a áit i sraith na n-Ard-Ríthe.

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i gcoróin tar éis dó Crimthann Nia Náir an t-iar-Ard-Rí, Conchobar Abradruad, a mharú, agus go raibh sé i réim ar feadh cúig bliana. Níltear cinnte sa Leabhar Gabhála maidir lena shinsearacht. Deir sé gurbh é an "meas léannta" é go raibh sé de shliocht nó Luaigne Teamhrach, na dTuath Dé Danann, Catraige na gConnacht, na gCorcortri (de shliocht an t-iar-ard-rí Cimbáeth), nó Ír mac Míl Espáine. Deirtear gurbh é Duthach a athair. Mani iníon rí na Uladh ab ea a bhean chéile, agus bhí mac acu, Morann mac Máin. Tháinig Feradach Finnfechtnach i gcomharbacht air.

De réir Annála na gCeithre Máistrí, tháinig Criomthann i gcoróin tar éis dó Conchúr a mharú, agus gur tháinig Cairbre i gcomharbacht ar Chriomthann "tar éis dó na huaisle go leor a mharú". Sa scéal seo, taoiseach éirí amach na n-aitheach tuath ab ea Cairbre. Níor tháinig slán ón ár ach triúr ban torrach na n uaisle: Baine, iníon rí na halban agus máthair Feradach Finnfechtnach; Cruife, iníon rí na Breataine agus máthair Corb Olum, sinsear na n-Eóganacht na Mumhan; agus Áine, iníon rí na Sacsanach agus máthair Tibraide Tirech, sinsear na nDál nAraidi. I rith réim Cairbre, loic na barra, ní raibh na ba ar a lacht, agus bhí na haibhneacha gan iasc. Bhí sé i réim ar feadh cúig bliana sula bhfuair sé bás. Tháinig Feradach Finnfechtnach i gcomharbacht air, a bhí níos lú ná cúig bliana d'aois, dá mba fhíor.

Aontaíonn Seathrún Céitinn gur tháinig Crimthann i gcomharbacht ar Conchúr, ach gur tháinig Feradach Finnfechtnach, Fíatach Finn agus Fíachu Finnolach rí ar rí ina dhiaidh. De réir Seathrúin, ba é Fiacha a cuireadh as cumhacht ag na haithneach-tuatha, agus ba iad na mná torraigh uaisle a d'éalaigh ná: Eithne bean chéile Fhiacha; Beartha iníon rí na Breataine; agus Áine iníon rí na Sachsanach. Deir Céitinn gur shliocht nó d'iarla Lochlannach, a tháinig go hÉirinn le Labraid Loingsech, nó de na Fir Bholg ab ea Cairbre. Bhí sé i réim ar feadh cúig bliana, sular éag sé de phlá. Tháinig Elim mac Conrach i gcomharbacht air, a chuirfeadh Tuathal mac Fiacha as cumhacht é i ndeireadh na dála.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 305
  2. Foras Feasa ar Éirinn, 1.38
  3. Annála na gCeithre Máistrí M9-14
Réamhtheachtaí
LGÉ Conchobar Abradruad
FFÉ Fíachu Finnolach
ACM
Crimthann Nia Náir
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 1d aois AD
FFÉ AD 55–60
ACM AD 9–14
Comharba
LGE/ACM Feradach Finnfechtnach
FFÉ Elim mac Conrach