Jump to content

Cainteanna síochána idir an Rúis agus an Úcráin

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCainteanna síochána idir an Rúis agus an Úcráin
Map
 51° 30′ N, 23° 38′ E / 51.5°N,23.63°E / 51.5; 23.63
Cineálidirbheartaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse28 Feabhra 2022 - 
Dáta na bliana10 Márta 2022
7 Márta 2022
3 Márta 2022
28 Feabhra 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh28 Feabhra 2022, 3 Márta 2022, 7 Márta 2022: teorainn idir an Bhealarúis agus an Úcráin
10 Márta 2022: Antalya, An Tuirc Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin ar an 24 Feabhra 2022. Gan é ach mí ó thóg Donald Trump seilbh an athuair ar an Uachtaránacht, rinne iarracht tús a chur le cainteanna síochána i mí Feabhra 2025, gan an Úcráin, agus gan na comhghuaillithe.

Roimhe sin, ba é polasaí an Uachtaráin Biden, i dteannta tromlach ceannairí san Eoraip, nach raibh ar bun ag an Rúis ach santú mídhleathúil críocha ar chiumhais thoir na hEorpa.[1]

18 Fea 2025: ar chlé, toscaire na S-A Steve Witkoff, Marco Rubio, & comhairleoir Mike Waltz; ar dheis, Yuri Ushakov agus Sergei Lavrov

Ar an 12 Feabhra 2025, chuir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Trump alltacht ar cheannairí na hEorpa nuair a d’fhógair sé go raibh comhrá aige le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin faoi chás na hÚcráine gan dul i dteagmháil leo.[2] Tar éis 3 bliana cogaíochta, baineadh geit as an Úcráin agus a chomhghuaillithe nuair a d'fhógair Réimeas Trump

  • nach gceadófaí an Úcráin isteach i NATO,
  • nach mbeadh aon ghabháil-siar ar theorainn na hÚcráine roimh 2014, agus
  • nach mbeadh aon bhaint ag an Úcráin, ná na tíortha Eorpacha, leis na cainteanna síochána idir Meiriceá agus an Rúis.[1]

12 Feabhra sa Bhruiséil: thug Pete Hegseth, Aire Cosanta na Stát Aontaithe, le fios go raibh SAM ag athdhíriú a aird ar an tSín.[3] Ar an 14 Feabhra, dúirt Leas Uachtarán Mheiriceá J.D. Vance ag Comhdháil Slándála München go raibh "sirriam nua sa bhaile" (agus é ag tagairt d’Uachtarán Mheiriceá).[4][5] Mhaslaigh sé an daonlathas san Eoraip. Is mór a chuir Hegseth agus Vance Iarthar na hEorpa trí chéile.[6]

17 Feabhra: reáchtáladh cruinniú éigeandála na hEorpa sa Phálás Elysées.

18 Feabhra: reáchtáladh cainteanna idir Meiriceá agus an Rúis san Araib Shádach. Ní bhfuair an Úcráin aon chuireadh go dtí na cainteanna faoin gcogadh. Chas Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise Sergei Lavrov agus Yuri Ushakov, iar-Ambasadóir de chuid na Rúise chun na Stát Aontaithe, le toscaireacht Mheiriceá, Marco Rubio, an Comhairleoir Náisiúnta Slándála Mheiriceá Mike Waltz, agus an Toscaire Speisialta Steve Witkoff. Mhaígh Lavrov gurb amhlaidh go raibh an Eoraip ag iarraidh go leanfadh an cogadh ar aghaidh agus dúirt sé go raibh sé ag dul de a thuiscint cén cúram a bheadh acu ag bord na hidirbheartaíochta.

17 Feabhra 2025: cruinniú éigeandála na hEorpa sa Phálás Elysées

Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky nach mbeadh aon ghlacadh le haon socrú faoin Úcráin a dhéanfadh an Rúis agus Stáit Aontaithe Mheiriceá eatarthu féin.[7] Thug sé cuireadh do Thoscaire Trump chun na hÚcráine Keith Kellogg a theacht in éineacht leis ar cuairt ar na saighdiúirí i líne thosaigh an chogaidh.[8][1]

19 Feabhra: chuir Trump an milleán faoin gcogadh ar an Úcráin[9] agus bhí neamhshuim déanta ag Trump de chlamhsán Uachtarán na hÚcráine Zelensky. D'fhreagair Zelensky agus dúirt sé go raibh Trump faoi gheasa ag mífhaisnéis. D'aisfhreagair Trump agus dúirt seisean gur "deachtóir" ab ea Zelensky mar nár ghair sé olltoghchán san Úcráin in 2024 (le linn an chogaidh, rud a bhí dodhéanta).[10] [11]

An lá dár gcionn, dúirt Rialtas na Rúise gur n-aontaigh siad go hiomlán le Rialtas na Stát Aontaithe i dtaca leis an gcogadh san Úcráin. Bhí an Rúis sásta go raibh an tUachtarán Donald Trump níos báúla leo ná mar a bhí an té a bhí sa Teach Bán roimhe, Joe Biden.[12]

24 Feabhra: ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe le 2 rún (a bhí ag sárú a chéile) faoin gcogadh san Úcráin, ceann dréachtaithe ag Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ceann dréachtaithe ag an Úcráin í féin. Glacadh le 93 vóta in aghaidh 18, agus 65 tír ag staonadh, le rún na hÚcráine - a raibh tacaíocht aige ó Chumhachtaí na hEorpa - ag cáineadh an athuair ionradh na Rúise agus ag éileamh go dtarraingeodh an Rúis siar ó chríocha na hÚcráine. Ansin glacadh le ceann eile molta ag na S-A.[13]

25 Feabhra: ghlac an Chomhairle Slándála le rún neodrach, rún na Stát Aontaithe, agus na tíortha sa nEoraip ag staonadh.[14]

Zelensky agus Trump ar an 28 Feabhra 2025: bhí cruinniú teasaí go maith acu[15]

Ar an lá céanna, dúirt Zelensky freisin go raibh an Úcráin fós ag iarraidh dul i bpáirt le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, é sin nó socrú cosúil leis a dhéanamh le tíortha an Iarthair. Sa fhreagra a thug Trump air sin, áfach, dúirt sé gurbh fhearr do Zelensky dearmad a dhéanamh ar a leithéid de shocrú. Go deimhin, mhaígh Trump gur dhóichí gurbh é mian sin na hÚcráine ba chionsiocair leis an ionradh a rinne an Rúis ar an tír in 2022.[16]

28 Feabhra: chuaigh Zelensky go dtí Washington DC lena ainm a chur le "comhaontú an-mhór". Ag trácht a bhí Trump ar chomhaontú i dtaca le mianraí luachmhara atá le fáil san Úcráin agus a bhfuil Meiriceánaigh á santú. Mhaígh Trump gur caoi a bhí sa chomhaontú do na Meiriceánaigh "lena gcuid airgid a fháil ar ais" as an tacaíocht mhíleata a bhí tugtha acu don Úcráin le trí bliana. Rinne Trump beag is fiú den mhaslú a rinne sé ar Zelensky ar an 19 Feabhra ("Ní chreidim gur thug mé le fios gur deachtóir a bhí ann" agus "Tá go leor measa agam air", a dúirt Trump).[17] Dúirt Zelensky nach raibh aon ghealltanais sa chomhaontú fós maidir le slándáil na hÚcráine, ach mhaígh Trump ina dhiaidh sin go raibh slándáil na tíre geallta ag an bhfáil a bheadh ag Meiriceánaigh ar na mianraí.[16] Níos déanaí, bhí Trump agus Zelensky ag béicíl ar a chéile sa Teach Bán.[18]

an tUachtarán Emmanuel Macron agus Príomh-aire na Breataine Keir Starmer

2 Márta: d'fhógair an tUachtarán Emmanuel Macron agus Príomh-aire na Breataine Keir Starmer tar éis an chruinniú mullaigh go mbeadh "na comhghuaillithe" ag réiteach plean síochána le cur faoi bhráid na Meiriceánach. D'fhógair siad chomh maith go raibh siad faoi réir saighdiúirí na Fraince agus saighdiúirí na Breataine a sheoladh go dtí an Úcráin le pé soc-comhraic a aimsítear a dhaingniú. Dúirt Macron go raibh an Fhrainc agus an Bhreatain ag obair ar mholadh le "breac-shíocháin míosa a réiteach ar muir, san aer agus ó thaobh an ghréasáin fuinnimh."[19]

3 Márta: dúirt an tUachtarán Macron agus príomh-aire na Breataine Keir Starmer go raibh plean síochána don Úcráin aontaithe ag ceannairí na hEorpa, plean a chuirfí faoi bhráid Stáit Aontaithe Mheiriceá.[20] D'fhógair siad go raibh siad faoi réir saighdiúrí na Fraince agus saighdiúirí na Breataine a sheoladh go dtí an Úcráin le pé soc-comhraic a aimsítear a dhaingniú.[21]

3/4 Márta: chuir na Stáit Aontaithe stop leis an gcúnamh míleata don Úcráin, chun brú a chur ar an Úcráin dul i mbun cainteanna síochána leis an Rúis.[22]

Ar an lá céanna, dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen go raibh an Eoraip i ''Ré nua atharmála'' agus go raibh plean ann chun suas le 800 billiún euro a chaitheamh (ar feadh cúpla bliain) ar chúrsaí cosanta.[23][22]

7 Márta: ag Comhdháil Nuachta ag an Teach Bán, dúirt Trump go raibh muinín aige i Vladimir Putin, go gcreideann sé é, agus go raibh sé ''níos éasca'' a bheith ag obair leis an Rúis ná leis an Úcráin, maidir le cainteanna síochána.[24] Ina theannta sin, mhaígh Trump gur thuig sé cén fáth gur ionsaigh fórsaí Putin cathair Odesa ar an 7 Márta (bhuail ionsaí dróin agus diúracán ón Rúis, infreastruchtúr gáis agus fuinnimh in Odesa).[25] Ach in ainneoin sin, bhagair Trump go ngearrfaí smachtbhannaí ollmhóra ar an Rúis.[26]

I rith mhí an Mhárta 2025, bhí an Rúis ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil san Oblast Kursk. críocha a chaill an Rúis i mí Lúnasa 2024

11 Márta: dúirt na S-A go raibh siad ag cur trealamh agus faisnéis mhíleata ar fáil don Úcráin an athuair.[27][28]

13 Márta: ag moilleadóireacht i dtaca leis an socrú chun am a ghoid, bhí sé tugtha le fios ag Putin go raibh sé i bhfabhar sos cogaidh a chur i bhfeidhm "a fhad is a rachfar i ngleic le bunúdar na coimhlinte". Dúirt Putin nár mhór tuilleadh plé a dhéanamh ar na coinníollacha a bhainfeadh leis.[29]

14 Márta: thug tíortha an G7 d'Uachtarán na Rúise foláireamh go ngearrfadh siad tuilleadh smachtbhannaí ar an tír sin mura nglacfadh sé le sos comhraic.[30]

24 Márta: bhí feidhmeannaigh de chuid na Rúise agus de chuid Mheiriceá i mbun comhráití i Riyadh san Araib Shádach. Dúirt Rialtas na Rúise go raibh "comhthuiscint" idir é féin agus Rialtas na Stát Aontaithe faoin slí is fearr tabhairt faoi dheireadh a chur leis an gcogaíocht.[31]

25 Márta: fógraíodh sos comhraic sealadach ar an Muir Dhubh.

30 Aibreán: théis 3 mhí d'aighneas agus achrann, shínigh an Úcráin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá conradh, a thabharfainn fabhar agus tosaíocht ar stór mianraí na hÚcráine do Mheiriceá, ar mhaithe le "ciste infheistíochta" leis an Úcráin a atógáil.[32]

Bealtaine 2025

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí socrú déanta i gCív idir ceannairí Eorpacha agus Rialtas na hÚcráine i dtaca le sos comhraic 30 lá a chur i bhfeidhm sa tír. Bhagair Trump go gcuirfidh sé breis smachtbhannaí ar an Rúis mura dtoileann sí glacadh leis an sos comhraic seo.[33]

Meitheamh 2025

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáladh an dara babhta de chainteanna síochána sa Tuirc ag a raibh oifigigh ón Rúis agus ón Úcráin i láthair. Breis is uair a chloig a mhair comhráití i gcathair Istanbul. Bhí an dá thír ag iarraidh teacht ar chomhréiteach maidir le malartú na bpríosúnach. Dúirt Uachtarán na Tuirce, Tayyip Erdogan, go raibh sé mar aidhm aige Uachtaráin na hÚcráine agus an Rúise a thabhairt le chéile féachaint le socrú síochána a fháil idir an dá thír.[34]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2025-02-17). "Zelensky go leataobh ag cainteanna síochána san Araib Shádach" (as ga-IE). 
  2. Kaitlan Collins, Kevin Liptak (2025-02-12). "After Putin call, Trump says negotiations to end Ukraine war will start ‘immediately’ | CNN Politics" (en). CNN. Dáta rochtana: 2025-02-17.
  3. "Secretary Defense Pete Hegseth delivers opening remarks at the 26th UDCG meeting in Brussels" (as en) (12 Feabhra 2025). 
  4. "2025 JD Vance speech at the Munich Security Conference" (as en) (2025-02-17). Wikipedia. 
  5. Nuacht RnaG (14 Feabhra 2025). "Tús Áite: Comhdháil Slándála Munich le John Maguire" (as ga-IE). 
  6. Físeán ar Youtube (14 Feabhra 2025). "Vice President JD Vance Delivers Remarks at the Munich Security Conference" (as en) An Teach Bán. 
  7. "‘Uair na cinniúna’ don Eoraip maidir le cúrsaí slándála – von der Leyen" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-02-17). Dáta rochtana: 2025-02-17.
  8. "SAM agus an Rúis chun foirne a cheapadh le tabhairt faoi dheireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-02-18). Dáta rochtana: 2025-02-19.
  9. Cinnte bréag de chuid Trump a bhí ann; rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin in 2022 agus maraíodh na céadta míle duine – idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh – de bharr na cogaíochta, 2022-2025.
  10. Nuacht RTÉ (2025-02-19). "File fuar déanta ag Trump de cheasacht na hÚcráine" (as ga-IE). 
  11. Alex Hijmans (19 Feabhra 2025). "‘Más síocháin atá uait, ullmhaigh don chogadh’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-19.
  12. Nuacht RTÉ (2025-02-20). "'Rúisigh, Meiriceánaigh ar aon fhocal faoin gcogadh san Úcráin'" (as ga-IE). 
  13. Nuacht RTÉ (2025-02-24). "Glactha ag an UN le rúin éagsúla faoin ár san Úcráin" (as ga-IE). 
  14. "Dozens of delegates walk out of Russia’s speech to UN Rights Council" (en). Al Arabiya English (2025-02-26). Dáta rochtana: 2025-02-26.
  15. Conradh na Gaeilge, Londain (1 Márta 2025). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-03-01.
  16. 16.0 16.1 Nuacht RTÉ (2025-02-26). "Trump, Zelensky le comhaontú a shíniú in Washington arú amárach" (as ga-IE). 
  17. Nuacht RTÉ (2025-02-28). ""Ní chreidim gur dhúirt mé gur deachtóir é Zelensky!" - Trump" (as ga-IE). 
  18. Nuacht RTÉ (2025-02-28). ""Níor chóir géilleadh don Rúis", a dúirt Zelensky le Trump inniu" (as ga-IE). 
  19. Nuacht RTÉ (2025-03-03). "'Gan aontú' ar bhreac-shíocháin san Úcráin – An Bhreatain" (as ga-IE). 
  20. "Sos cogaidh míosa idir an Rúis agus an Úcráin molta ag an bhFrainc" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-03). Dáta rochtana: 2025-03-04.
  21. Nuacht RTÉ (2025-03-03). "'Gan aontú' ar bhreac-shíocháin san Úcráin – An Bhreatain" (as ga-IE). 
  22. 22.0 22.1 Nuacht RTÉ (2025-03-04). "Stop curtha ag Trump le cúnamh míleata don Úcráin faoi láthair" (as ga-IE). 
  23. Fachtna Ó Drisceoil (4 Márta 2025). "Botún mór déanta ag Volodymyr Zelensky sa Teach Bán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-04.
  24. Físeán : CRUX (2025-03-07). "Trump Explains Russia 'Bombing Hell Out of Ukraine, Putin Easier To Deal With Despite All The Cards'". 
  25. "Ukraine uses French Mirage jets for first time in repelling massive Russian attack" (en-GB). POLITICO (2025-03-07). Dáta rochtana: 2025-03-07.
  26. Nuacht RTÉ (2025-03-07). "Níos éasca obair leis an Rúis ná leis an Úcráin, a deir Trump" (as ga-IE). 
  27. MSN (14 Márta 2025). "US confirms full resumption of arms supplies to Ukraine". www.msn.com. Dáta rochtana: 2025-03-14.
  28. "An Úcráin ag glacadh le moladh Mheiriceá faoi shos cogaidh" (as ga) (2025-03-11). 
  29. Nuacht RTÉ (2025-03-13). "Putin 'i bhfabhar sos cogaidh' san Úcráin" (as ga-IE). 
  30. Nuacht RTÉ (2025-03-14). "G7 ag tuineadh le Putin glacadh le sos comhraic" (as ga-IE). 
  31. Nuacht RTÉ (2025-03-24). ""Comhthuiscint" idir an Rúis agus Meiriceá faoin Úcráin" (as ga-IE). 
  32. Nuacht RTÉ (2025-05-01). "Margadh Trump déanta théis achrainn faoi mhianraí na hÚcráine" (as ga-IE). 
  33. Nuacht RTÉ (2025-05-10). "Socrú déanta i gCív" (as ga-IE). 
  34. Nuacht RTÉ (2025-06-02). "Cruinniú in Istanbul críochnaithe" (as ga-IE).