Caifé Ceoil
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | caifé bialann |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 26 Lúnasa 2022 |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Stiúrthóir/bainisteoir | Ciarán Ó Cruadhlaoic |
| Cuid de | Áras Mhic Reachtain |
| Eile | |
| Laethanta oscail | Luan go hAoine 9:30 r.n. – 4:00 i.n. |
| Suíomh gréasáin | https://mhicreachtain.com/caife-ceoil/ |
Is caifé é Caifé Ceoil atá lonnaithe in Áras Mhic Reachtain, ar Bhóthar Aontroma i dTuaisceart Bhéal Feirste.[1][2] Caifé pobail atá ann don phobal Gaeilge sa cheantair, agus do dhaoine atá ag iarraidh an chéad blas di a fháil.[3][4] Cuirtear ceol beo ar siúl ann ar go rialta agus díoltar táirgí ó chomhlachtaí áitiúla agus Gaelacha sa chaifé.[5][4]
Bainisteoir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Ciarán Ó Cruadhlaoic bainisteoir agus cócaire Chaifé Ceoil.[2][1] Déanann sé an bia ar fad a dhíoltar ann de láimh.[4] Chaith Ó Cruadhlaoic a shaol ag obair i "roinnt de na bialanna is clúití sa chathair – ina measc Ginger agus Molly’s Yard" agus in éineacht le cócairí ar bronnadh réaltaí Michelin orthu ar nós Barry Smith.[2]
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Caifé Ceoil trí bhonn óir ag Gradaim Gnó na hÉireann 2023 as a gcuid comharthaíochta, as a gcuid margaíochta agus brandála agus as a seirbhís i nGaeilge.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]| "sílim go bhfuil scoilt ann idir an pobal agus bia mar síleann daoine go gcaithfidh tú dul go bialann mór le rá le bia maith a fháil."[2] |
| —Ciarán Ó Cruadhlaoic |
- Suíomh oifigiúil: mhicreachtain.com/caife-ceoil
- Próifíl Ghlór na nGael: glornangael.ie/listing/caife-ceoil/
- Físeán: Caifé Gaelach nua i dTuaisceart Bhéal Feirste
- Físeán: Gradaim Gnó bronnta ar Chaifé Ceoil
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Pádraig Mac Oitir (19 Iúil 2022). "Caifé Gaelach nua i dTuaisceart Bhéal Feirste". Meon Eile. Dáta rochtana: 2025-07-19.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Gearóid Ó Muilleoir (14 Meán Fómhair 2022). "An cócaire Ciarán: Ó na bialanna is clúití go dtí an Caifé Gaelach is úire". Seachtain.
- ↑ Conor McParland (28 Iúil 2022). "Music, language and craic on the menu at new caifé" (en). Belfast Media Group. Dáta rochtana: 2025-07-19.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 "Caifé Ceoil". Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain (2020-12-02). Dáta rochtana: 2025-07-19.
- ↑ 5.0 5.1 Jane Nic Uilliam (29 Samhain 2023). "Gradaim Gnó bronnta ar Chaifé Ceoil". Meon Eile. Dáta rochtana: 2025-07-20.