Jump to content

Caidreamh parasóisialta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teri Garr le David Letterman, 1982

Is téarma é 'caidreamh parasóisialta’[1] a chruthaíodh sna 1950idí nuair a tugadh faoi deara gur bhraith daoine airithe go raibh aithne acu ar réalta móra teilifíse agus scannán nár bhuail siad leo riamh. Díreach mar a thógtar caidreamh sa bhfíorshaol, cruthaítear caidrimh parasóisialta trí am a chaitheamh i gcomhluadar daoine. [2]

Ní fíorchaidreamh é caidreamh parasóisialta, ach sruth aontaobhach. Ní thuigeann ár n-intinn áfach go bhfuil an t-am sin aontaobhach. Is cuid den saol anois é d’éinne a fhéachann ar na meáin go rialta. Ach cé go gcaitheann duine go leor ama ag faire ar an tionchaire nó aisteoir nó duine cáiliúil is ansa leis, níl faic ar eolas aige faoin 'leantóir'.

Sa lá atá inniu ann ní gá a bheith cáiliúil in aon chor chun go mbeadh caidreamh parasóisialta ag duine le duine eile - ní gá ach cuntas poiblí a bheith ag an 'leantóir', nó eolas a bheith ar fáil ar Ghoogle nó sna meáin srl.[2]

Féach freisin 

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, parasocial interaction
  2. 1 2 Ciara Ní É (24 Feabhra 2025). "Who's watching you online?" (as ga-IE).