Caidreamh idir Donald Trump agus Jeffrey Epstein
| Cineál | idirghníomhaíocht | ||
|---|---|---|---|
| Tréimhse | 1980í - 2000í | ||
| Rannpháirtí | |||
Bhí aithne ag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ar an máistir striapach Jeffrey Epstein ó na 1990idí ar aghaidh. Bhí caidreamh maith eatarthu go dtí 2006 ar a laghad. Bhíodar ina gcomhluadar sóisialta ag imeachtaí éagsúla i bPalm Beach agus in áiteanna eile. Tá grianghraif agus físeáin acu le chéile ó na blianta sin. Tá an scéal seo ina ábhar conspóide agus cainte i gcónaí.




Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]In agallamh sa bhliain 2002, rinne Trump trácht ar Epstein mar "fear iontach" agus labhair sé faoi a spéis i mná óga.
Scríobh Trump litir chuig Epstein in 2003 agus ghuigh sé "breithlá sona" dó. D’fhoilsigh dlíodóirí de chuid Epstein leabhrán in 2025, ina raibh teachtaireachtaí scríofa dó Epstein dá chaogadú breithlá in 2003, an litir ó Trump san áireamh.
Tar éis cásanna dlí Epstein in 2008 agus níos déanaí, d'athraigh Trump a thuairim go hiomlán. Sa litir a líomhnaítear a scríobh Donald Trump, tá téacs de chomhrá idir an tUasal Trump agus Jeffrey Epstein. Tugann Uachtarán Trump "mo chara" ar Jeffrey Epstein. Líomhnaítear gur scríobh an tUasal Trump freisin: "go raibh gach lá amach romhainn ina rún iontach." In aice leis an teacs sin, tá pictiúr garbh de bhean nocht tarraingthe.[1]
De réir Trump, chuir sé cosc ar Epstein teacht go Mar-a-Lago (eastát Trump) thart ar 2007-2008 (de bharr conspóide faoi eastát réadmhaoine, dar le foinsí eile).
Nuair a gabhadh Epstein sa bhliain 2019, mhaígh Trump nach raibh aon dlúthchaidreamh acu riamh. Níl fianaise ar bith ann go raibh Trump páirteach in aon ghníomhaíochtaí coiriúla Epstein.
Virginia Giuffre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus in aois 16 di, sa bhliain 2000, thosaigh Virginia Giuffre ag obair mar chúntóir i Mar-a-Lago, club príobháideach agus sómasach i Palm Beach, Florida a bhí faoi úinéireacht Donald Trump. Thairg Ghislaine Maxwell post di mar "theiripeoir suathaireachta" do Epstein ag an am sin. Cé go raibh Mar-a-Lago mar shuíomh ina ndearnadh Giuffre a earcú, níl fianaise ann go raibh baint dhíreach ag Donald Trump le gáinneáil nó le mí-úsáid Giuffre níos déanaí.[2] Ar an drochuair, chuir Giuffre lámh ina bás féin ar an 25 Aibreán 2025.[3] [4]
2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Mheán Fómhair 2025, chuir Choiste Maoirseachta Tí na S-A amach leabhar gearrthóg a bronnadh ar Epstein ar a chaogadú breithlá, in 2003. Bhí roinnt daoine mór le rá ceangailte le Epstein luaite ann. Bhí grianghraif, sceitsí agus litreacha ó chairde sa litir. Ba chuid de seo litir a scríobh Trump chuig Epstein inar ghuigh sé breithlá sona dó. Tá an nóta breithlae i líníocht de chorp mná noichte. Shéan Donald Trump é gur scríobh sé litir dó riamh.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-09). "Litir a líomhnaítear a scríobh Trump go Epstein foilsithe" (as ga-IE).
- ↑ Tá grianghraif agus tuairiscí ann a léiríonn go raibh Trump agus Epstein i láthair le chéile ag ócáidí sóisialta ag Mar-a-Lago sna 1990idí, ach níor líomhnaíodh go raibh Trump páirteach sa chiorcal gáinneála gnéis.
- ↑ "Virginia Giuffre" (as en) (2025-04-27). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-26). "Virgina Giuffre tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (12 Meán Fómhair 2025). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-09-20.